Réidh le rince! Brogan as na Dubs agus Panti Bliss sa chéad cheithre damhsóirí  are Dancing with the Stars

01/12/2022

Roghnaíodh an chéad cheathrar iomaitheoir iomráiteach (celebrity contestants) do Dancing with the Stars (DWTS) na bliana seo. Agus fáiltíonn an seó roimh a gcéad lánúin den ghnéas céanna (same sex), le Panti Bliss mar dhéantóir na staire.

Jennifer Zamparelli Doireann Garrihy Dancing With The Stars 8
Láithreoirí: Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy

Tá Panti Bliss (Rory O’Neill); Scullion Brook; Pól Brogan; agus Suzanne Jackson deimhnithe mar an chéad cheithre ar an tsraith atá le teacht.

Beidh réaltaí na sraithe teilifíse nua ar RTÉ ar an Late Late Show, Dé hAoine, le haghaidh comhrá le Ryan Tubridy.

Panti Bliss (Rory O’Neill)

Panti Rory O Neill Dancing with the Stars Series 6 2023. Photo Barry McCall Copyright RTE image 241122D 13120

Is é Rory O’Neill ó Mhaigh Eo ó dhúchas, nó Panti Bliss, an t-ealaíontóir draig is cáiliúla in Éirinn, agus tá sé ag feidhmiú mar Panti ó 1998 i leith.

In 2007, d’oscail Panti a beár i Sráid Capel, Panti Bar, a raibh ar cheann de na barraí aeracha is cáiliúla in Éirinn. In 2015, bhain Panti cáil amach agus í i mbun feachtais ar son an chomhionannais (equality  ) sa reifreann pósta. Luann go leor daoine a hóráid ‘Noble Call’ ar stáitse Amharclann na Mainistreach (Abbey Theatre) mar cheann de na tráthanna a spreag díospóireacht náisiúnta chomh maith le tuairimí athraithe.

Ag labhairt di tar éis an fhógra, dúirt Panti: ‘Tá sé ag tarlú! Ní féidir liom fanacht le dul chuig an urlár rince le mo pháirtí.’ Dúirt sí go raibh ‘phribhléid aici a bheith mar chuid den chéad lánúin den ghnéas céanna’.

Dúirt sí: ‘Is am an-spreagúil é!’

Brook Scullion

Brooke Scullion Dancing with the Stars Series 6 2023. Photo Barry McCall Copyright RTE image 241122D 13584

Bhí clú agus cáil ar Brooke Scullion as Doire níos luaithe i mbliana tar éis di ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag an Eurovision leis an amhrán, That’s Rich.

Comh-scríobh an ‘Derry girl’ an t-amhrán, agus thaistil sí go Turin san Iodáil don chomórtas, agus bhí mí-ádh uirthi gan cáiliú don babhta deiridh.

Bhí sí ar The Voice UK in 2020, agus bhí sí sa

babhta deiridh ansin.

I mí Mheán Fómhair 2020 d’eisigh sí a céad singil, Attention, agus EP Chaotic Heart ina dhiaidh sin.

Dúirt sí: ‘Tá an-áthas orm a bheith mar chuid den chlann Dancing with the Stars.

‘Cén cailín nach bhfuil ag iarraidh a bróga rince a chur uirthi gach oíche Dhomhnaigh? Aisling atá ann — tabhair na sequins dom!’

Pól Brogan

Paul Brogan Dancing with the Stars Series 6 2023. Photo Barry McCall

Bhuaigh iarpheileadóir CLG Bhaile Átha Cliath Paul Brogan bonn Craobh na hÉireann. Is deartháir níos óige é le Bernard agus Alan Brogan.

Bhí Paul ar fhoireann a bhuaigh Baile Átha Cliath do Chorn Uí Bhroin 2008, agus bhí sé mar chuid de phainéal Bhaile Átha Cliath a bhuaigh trí theideal Laighean, chomh maith le craobh peile sinsear na hÉireann 2011.

D’fhág Pól painéal sinsearach peile Bhaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Cé nach bhfuil mórán taithí damhsa aige, tá fonn air triail a bhaint as.

‘Tá a fhios agam nach mbeidh sé éasca. Beidh go leor obair chrua i gceist, ach beidh an-spraoi ann freisin,’ a dúirt sé.

Suzanne Jackson

Suzanne Jackson Dancing with the Stars Series 6 2023. Photo Barry McCall Copyright RTE image 241122D 13967

Is ‘influencer turned entrepreneur’ í Suzanne Jackson, a thosaigh ag blagáil in 2010 faoin ainm SoSueMe, ag scríobh faoi faisin agus áilleacht. Faoi 2013 d’fhág sí a post, agus rinne sí blagáil go lánaimseartha.

In 2016, sheol sí a raon áilleachta féin SoSu Cosmetics, ar fiú thart ar €2.12 milliún é inniu.

D’fhógair sí le déanaí go bhfuil sé beartaithe aici éirí as a post mar Phríomhfheidhmeannach ar a gnóthaí, mar go bhfuil Caroline Dalton [Primark Beauty roimhe seo] i ndiaidh an ról a ghlacadh.

Is láithreoir í Suzanne ar The Style Counsellors de chuid RTÉ, a bhfuil an scannánaíocht don cheathrú sraith nua curtha i gcrích aici, le bheith ar an aer in 2023.

Ag labhairt di tar éis an fhógra, thug Suzanne faoi deara go bhfuil sí ag faire ar an seó ‘le blianta’, agus gur thaitin gach rud faoi, ‘ón damhsa, an glam, agus na cultacha go dtí na daoine dochreidte go léir a bhí páirteach ann.

‘Is léiriú iontach é agus is aisling domsa é a bheith mar chuid de i mbliana.’

Thug Suzanne le fios gur rinceoir Éireannach a bhí inti agus í níos óige, ach ‘is dúshlán iomlán eile é seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram