‘Tá mo chroí briste’:  Labhrann Moya Brennan faoin bpian a bhaineann le bunaitheoir Clannad Noel a chailleadh

30/11/2022

Tá sé ráite ag réalta Clannad, Moya Brennan, go bhfuil a croí bhriste tar éis bás tobann bhall bunaithe an banna, Noel Duggan, an mhí seo caite.

Bhí an banna ceoil iomráiteach le casadh ag an 3Arena i mBaile Átha Cliath i mí na Nollag. Ach tar éis bás Noel athríodh an dáta go dtí 18 Feabhra 2023.

Ba bhall bunaidh eile den bhanna é Pádraig Duggan, deartháir le Noel; ba cúpla comhionann (identical twins)  iad. Bhunaigh siad an banna i nDún na nGall breis agus caoga bliain ó shin, in éineacht lena nianna agus neacht  — Moya, Pól agus Ciarán.

Ach fuair Padraig bás i 2016, agus fuair Noel bás de bharr taom croí i mí Dheireadh Fómhair.

Dúirt Moya: ‘Labhair mé le Noel coicís sula bhfuair sé bás agus bhí sé ag tnúth go mór le bheith ag seinnt sa 3Arena. Bhí sé ag rá “Beidh mé aclaí anois don 3Arena nuair a bheidh Oíche Shamhna thart.” Bhí sé ag tnúth go mór leis.’

clannad 3
Clannad

Mhínigh Moya an chaoi a chuala sí an scéala faoina bás ar an 15 Deireadh Fómhair, ag rá léi gur ghlaoigh a deirfiúr uirthi chun an drochscéal a nochtadh.

‘Fuair ​​mé glao gutháin ó mo dheirfiúr ag rá, “Tá drochscéal agam,” a dúirt Moya. ‘Ba mhór an turraing a bhí ann. Bhí Noel amuigh ag ithe bia nuair a tharla an taom croí.’

Tugadh ómós do Noel i ndiaidh a bháis, agus cuireadh an chamchuairt dhomhanda a bhí ar siúl acu – an ceann deireanach tar éis 50 bliain mar bhanna – siar, tar éis a bháis go tobann.

Bhí siad ar camchuairt ar fud na hEorpa díreach roimh a bhás.

Thug an banna ómós do Noel i ráiteas a dúirt: ‘Táimid croíbhriste an scéala a roinnt go bhfuair Noel Duggan, ár n-uncail mór le rá, cara iontaofa agus ball Clannad bás go tobann i nDún na nGall tráthnóna inné. Bhí sé 73 bliain d’aois.

‘Beidh cuimhne go deo ar Noel mar gheall ar a sheinm giotár den scoth, a ghrá don cheol agus a thiomantas don bhanna.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram