Tá deireadh ag teacht ar na teorainneacha agus srianta eile a cuireadh ar tuarastail agus bónais i mbainc le linn na géarchéime airgeadais
Chuir an tAire Airgeadais Paschal Donohoe moladh faoi bhráid an Rialtais agus glacadh leis, mar sin beidh cead ag na bainc bónais comh haird le €20,000 a íoc lena bhfostaithe.
Cuirfeardeireadh freisin na srianta a bhí ar shochair eile, leithéidí aráchais sláinte agus cúraim leanaí.
I gcás Bhanc na hÉireann, cuirfear deireadh chomh maith leis an srian €500,000 ar thuarastail. Sin mar gheall nach bhfuil aon sciar níos mó ag an Stát sa bhanc sin.
Nuair a laghdófar tuilleadh sciar an Stáit in AIB agus Permanent TSB, cuirfear deireadh leis an srian ar thuarastail sna bainc sin leis.
Tugadh na srianta isteach os cionn deich mbliana ó shin nuair a tháinig mí-iompar roinnt baincéirí sinsearacha chun solais.
Tá na bainc ag achainí ar an Rialtas na srianta a mhaolú le tamall anuas ar an mbonn nach bhfuil sé d'acmhainn acu dul in iomaíocht le forais airgeadais eile dá mbarr.
Thug an Stát €64 billiún do na bainc lena dtarrtháil nuair a chlis an margadh tithíochta os cionn deich mbliana ó shin.
Is é polasaí an Rialtais anois sciartha i bhforais airgeadais a thóg an Stáit ar láimh an tráth úd a dhíol.
Chuir an ‘Financial Services Union fáilte roimh chinneadh an Rialtais agus dúirt go mbainfeadh gnáthoibrithe bainc sochar as na srianta a bheith maolaithe.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.