Ceannairí an Chomhaontais Ghlais cúisithe as ‘moral cowardice’ mar theip orthu dul i ngleic le úsáid on focal c*** ar WhatsApp

29/11/2022

Tá an Comhaontas Glas cáinte go géar mar gheall ar an chuma gur diúltaigh siad gníomhú i gcoinne duine dá dTeachtaí Dála féin.

Tá an cheist á ardú mar gur úsáideadh an focal c *** mar thagairt do bheirt bhan ar WhatsApp.

Rinne ceannaire an pháirtí, Eamon Ryan, agus an leas-cheannaire Catherine Martin iarracht an cheist a scriosadh agus iad ag maíomh go raibh ‘saincheisteanna casta dlí’ ag baint léi.

Ach spreag a bhfreagairt comhairleoir Daonlathach Sóisialta an péire a chúiseamh as mealtacht mhórálta (moral cowardice).

Ag scríobh dó ar na meáin shóisialta, dúirt an Comhairleoir Elisa O’Donovan ó Luimneach: ‘Níl aon “cheisteanna casta dlí” anseo. Is daoine iad seo a dhéanfaidh iarracht an milleán a chur ar aon duine eile, ach gan féachaint ar a ndrochiompar féin.

‘Is mór an náireach, do na mná a ndearnadh mí-úsáid agus bagairt orthu sa ghrúpa seo,  a bheith á liginn go bhfuil níos mó sa scéal. Mealtacht mhórálta.’

Elisa ODonovan 2
Elisa O’Donovan Pic Tom Honan.

Nuair a ardaíodh an cheist ag preasagallamh, i mBaile Átha Luain, os comhair Eamon Ryan, Catherine Martin, Aire na Leanaí Roderic O’Gorman agus an tAire Sóisearach Talmhaíochta Pippa Hackett, rinne apparatchik an páirtí idirghabháil agus dúirt, ‘An bhfuil aon cheist eile?’

Anuraidh léirigh an Irish Mail on Sunday go raibh an chuma ar an scéal go raibh TD Luimnigh de chuid an pháirtí, Brian Leddin, ag gáire nuair a tugadh ‘c***’ ar chomhghleacaí, ar WhatsApp.

Anuas ar sin, theip ar an Uasal Leddin leithscéal a ghabháil le bean eile nuair a scríobhadh an téarma dímheasúil céanna ar a aghaidh, ar theachtaireacht WhatsApp.

Ach cé gur labhair ceannairí an Chomhaontais Ghlais faoi dhínit agus meas san ionad oibre, rinne siad iarracht ceisteanna a sheachaint faoi cén fáth nár  tugadh aon ghníomh smachtaithe (disciplinary action) i gcoinne an Uasail Leddin.

Fiafraíodh den cheannaire Eamon Ryan, cén teachtaireacht a bhí á seoladh anois ag an bpáirtí, tar éis polasaí ‘no tolerance approach to gender violence’ a bheith ag an Rialtas, agus dúirt sé: ‘Níl a fhios agam na sonraí. B’fhéidir go gcuirfinn ceist ar Catherine [Martin] mar is léir go bhfuil reachtaíocht á tabhairt isteach aici a d’fhéadfadh fíor-éifeacht a bheith aici maidir le daoine a chosaint ó mhí-úsáid den sórt sin ar líne.’

Nuair a dúradh leis gurbh é duine dá pháirtí féin a bhí gafa leis an gconspóid, dúirt sé: ‘Ní theastaíonn uaim dul isteach i sonraí an cháis sin. Má tá mé ceart faoin gcás a bhfuil tú ag caint faoi, mar a dúirt mé, d’fhreagair muid é sin ag an am. Tá ceisteanna casta dlí de réir mar a thuigim.’

Nuair a cuireadh in iúl dó nach raibh aon cheisteanna dlí ann a thuilleadh, d’fhreagair sé: ‘Táimid ag déanamh rud anseo, mar sin ceann de na bealaí ina bhfuilimid ag déanamh é, an reachtaíocht sábháilteachta ar líne atá á tabhairt isteach ag Catherine, trí na cosaintí a theastaíonn ó dhaoine a sholáthar, agus tá siad ag teastáil.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram