An bhfuil tú i do ‘Foodie’ nó ‘Adventurer’? Is iad seo na háiteanna is fearr le haghaidh do laethanta saoire, de réir Lonely Planet

28/11/2022

Agus an bhliain nua ag druidim in ár dtreo, tá sé in am tosú ag pleanáil do laethanta saoire na bliana seo chugainn. Agus má tá Lonely Planet le creidiúint, ní bliain don Staycation í 2023 do Éireannaigh.

Níl áiteanna saoire móréilimh in Éirinn ar nós Baile Átha Cliath agus Cill Áirne ar aon cheann de na liostaí.

Tá liostaí curtha le chéile, ag na comhairleoirí taistil, de na háiteanna is fearr le cuairt a thabhairt orthu an bhliain seo chugainn, faoi na ceannteidil: Bia; Dul ar Thuras; Do scíth a ligean; Bualadh le Daoine: agus Oideachas. Agus is iad Manchain (Manchester) agus Albain na háiteanna is gaire d’Éirinn ar aon cheann de na liostaí.

Ach fós tá 30 háit ar an liosta.

Do na ‘Foodies’ bhí príomhchathair Peiriú, Lima ar bharr an liosta, le réigiún Umbria san Iodáil agus an chathair Sheapánach, Fukuoka, ag teacht ina dhiaidh sin.

Killarneynew2
Níl Cill Airne ar aon cheann de na liostaí

Más maith leat taisteal timpeall na háite, is iad na háiteanna is fearr dul ann ná an Bhútáin, Parques Nacionales Naturales sa Cholóim, nó tóg an traein thar oíche ó Iostanbúl go Sóifia.

Más mian leat do scíth a ligean téigh go dtí an oileán sa Mhuir Chairib, Doiminic nó réigiún Raja Ampat san Indinéis nó Halkidiki sa Ghréig.

Chun bualadh le daoine bain triail as an Albáin nó cathair Accra i nGána nó Boise, i stát Idaho i Meiriceá.

Sa chatagóir Oideachas moltar dul go dtí an chathair Manchain, i Sasana, chomh maith le deisceart na hAlban.

Seo shios na liostaí

Bia

Lima, Peiriú

Umbria, an Iodáil

Kuala Lumpur, an Mhalaeisia

Fukuoka, an tSeapáin

an Afraic Theas

Montevideo, Uragua

Dul ar Thuras

Nova Scotia, Ceanada

Bhútáin

an tSaimbia

Iarthar na hAstráile

Páirceanna Nacionales Naturales na Colóime

Traein ó Iostanbúl go Sóifia

Do scíth a ligean

an Iordáin

Halkidiki, an Ghréig

Iamáice

Doiminic

Raja Ampat, an Indinéis

Málta

Bualadh le daoine

Accra, Gána

an Albáin

Sydney

Ghuáin

Alasca

Boise

Oideachas

Nua-Mheicsiceo, Stáit Aontaithe Mheiriceá

Marseille, an Fhrainc

Manchain, Sasana

Dresden, an Ghearmáin

El Salvador

Albain Theas

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram