Gerrard ar ais ag Rangers? Bata agus bóthar togtha do Giovanni van Bronckhorst tar éis ach bliain i gceannas

21/11/2022

Tar éis ach bliain i gceannas i nGlaschú, tá Rangers tar éis deireadh a chur ar am Giovanni van Bronkchorst i gceannas.

Ghlac an Ollannach seilbh tar éis ar Steven Gerrard imeacht, i lár an tséasúir seo caite’ agus thug sé na ‘Gers’ chuig cluiche ceannais Shraith Europa.

Ach ní raibh foireann na hAlban láidir go leor in aghaidh Eintracht Frankfurt agus chríochnaigh siad sa dara háit taobh thiar de sheaimpíní Celtic sa Phríomhroinn na hAlban.

SEI120943611
Giovanni van Bronckhorst ag ceiliúradh tar éis an chluiche . Pic: Zac Goodwin/PA Wire

Agus tá Rangers 12 phointe taobh thiar de Celtic cheana féin, tar éis 15 cluichí a imríodh.

Tar éis dó cáiliú do chéimeanna grúpa Shraith na Seaimpíní don chéad uair ó 2011, chaill Rangers sé chluiche agus bhí siad mar an fhoireann is measa riamh ag an gcéim sin den chomórtas.

Roimh sos Chorn an Domhain, chríochnaigh Rangers ar comhscór, 1-1, in aghaidh St Mirren. Breis is seachtain ina dhiaidh sin, tá tá siad tar éis bata agus bóthar a thabhair den bainisteoir.

De réir ráiteas ó chlub Ibrox maidin Dé Luain: ‘Deimhníonn Club Peile Rangers inniu go bhfuil siad scartha leis an mbainisteoir Giovanni van Bronckhorst.

gio vb
Giovanni van Bronckhorst. Pic: Mark Runnacles/Getty Images

‘Ba mhaith leis an mbord buíochas ó chroí a ghabháil le Gio as an iarracht ar fad a rinne sé ó ceapadh ina bhainisteoir é.’

Táthar ag cuardach an bhainisteora nua anois.

Dúirt an Cathaoirleach Douglas Park: ‘Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Gio as an obair chrua atá déanta aige le 12 mhí anuas agus, go háirithe, as éachtaí an chlub a thabhairt chuig cluiche ceannais Shraith Europa agus Corn na hAlban a bhuachan an séasúr seo caite.

‘Ar an drochuair, níor chomhlíon torthaí le déanaí ár n-ionchais (expectations) ná ionchais Gio, agus tá an cinneadh deacair seo déanta againn inniu. Guíonn gach duine ag Rangers gach rath ar Gio amach anseo.’

Níl ach trí seachtaine ag Rangers duine eile a aimsiú, agus an chéad chluiche eile acu tar éis sos Chorn an Domhain sa bhaile in aghaidh Hibernian ar an 15 Nollaig.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram