

Tá margaí Nollag na Gaillimhe faoi lán seoil.
Tá an roth ferris in airde, an traen túrasóireachta ag chuggáil leis agus Mariah ag seinm sa chúlra… Mar a deir sí féin – ‘It’s time’.

Ar oscailt ón chéad deireadh seachtaine de mhí na Samhna, go dtí an 3 Eanáir, tá na margaí ag ceiliúradh a 16ú bliain ar an fhód i mbliana. Lonnaithe san Fháiche Mhór, i gcroílár chathair na Gaillimhe, tá thart ar 50 seastán ann, agus rud éigin iontu do chách. Idir bhia agus éadaí, bhrontannais agus bheoir, tá rud eigin ann do gach bhall den chlann.
Tá Cábán Dhaidí na Nollag beo bríomhar le cosa beaga ag rith thart go deas, agus súile Santaí orthú, agus tá na cosa móa ag triall ar an phuball beorach. Tá áit faoi leith ag na margaí i gcroílár mhuintir na Gaillimhe, idir theaghlaigh atá ag iarraidh lá taitneamhach a chaitheamh le chéile agus cairde atá ag iarraidh deoch a fháil agus sult a bhaint as an atmaisféar.

Tá beocht san atmaisféar agus is léir nach raibh na margaí ach ina dtús – mar tá fuinneamh ag daoine go fóill. Bhí daoine ag siúl timpeall, ag baint taitnimh as na seastáin agus ag bualadh le cairde agus le comharsana. Ní fada a mhairfidh an fuinneamh sin, áfach, agus Lá Nollag ag druidim linn, beidh strus na siopadóireachta bronntanas ag teacht leis!
Sin ráite, ní bheifeá ag iarraidh dul áit ar bith ró-ghasta agus margaí na Gaillimhe faoi lán seoil. Leis na sluaite ag bogadh ó sheastán go seastán, is beag seans go mbeidh tú in ann dul fríd an áit ar luas lasrach. Bíodh an scailtín fíona i do lámh, agus foighne leis! Ní fiú iarracht ar bith do bhealach a dhéanamh fríd na sluaite níos gaiste ná mar atá an slua féin ag dul; Is mór é luach na foighne.

Agus má tharlaíonn sé go gcaitheann tú tamall ró-fhada sa phuball beorach, nó má thiteann tú isteach go Tigh Neachtain, sí an Ghaillimh an áit a bhfuil tú chomh cóngarach céanna leis an chathair is atá tú leis an trá. An mhaidin i ndiaidh hoíche roimhe, níl aon leigheas ar an phóit ach Bóthar na Trá, mar a deir an seanfhocal.
Agus cibé cén dóigh a dhúisíonn tú ar maidin i ndiaidh do lae i nGaillimh, beidh tú ar ais gan mhoill meallta arís, ag draíocht an iarthair.

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.