Síle Ní Chonghaile ag iarraidh cabhrú le páistí óga a samhlaíocht a choinneáil beo

Creideann roinnt páistí sa Ghaeltacht go bhfuil Síle Ní Chonghaile, láithreoir mór le rá ar Cúla4, go bhfuil sí ina draíodóir. Rud a chloiseann beagáinín ait, b’fhéidir. Ach uaireanta, déanfaimid go léir dearúd go rabhamar inár bpáistí uair amháin, nuair nach raibh aon teorainn lenár samhlaíocht.

Tá cúis ag páistí na Gaeltachta an creideamh sin a choinneáil.
‘Is múinteoir bunscoile mé, sin an cáilíocht atá agam,’ a d’inis Síle dom, agus sinn ag caint an tseachtain seo caite. ‘Tá mé ag múineadh le deich mbliana anuas. Tá mé ag múineadh i scoil Gaeltachta faoi láthair le cúpla bliain anuas.

Síle Ní Chonghaile. Pictiúr Curtha ar fáil
Síle Ní Chonghaile. Pictiúr: Curtha ar fáil


‘Bhí mé i gcónaí ag iarraidh múinteoireacht a dhéanamh. Thaitin sé i gcónaí liom a bheith ag obair le gasúir. Chuaigh mé go Gaillimh ar dtús, agus rinne mé staidéar ar Ghaeilge agus Stair. Nuair a bhí sé sin críochnaithe, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh múinteoireacht a dhéanamh. Agus, chuaigh mé le múinteoireacht bunscoile.’
‘Ón chéad lá a bhí mé istigh sa bpost riamh, bhí a fhios agam go raibh an cinneadh ceart déanta agam. Ní bhreathnaím air mar obair. Is breá liom a bheith ag dul isteach sa scoil chuile lá.

‘Caithfidh tú a bheith gafa leis an bpost a bheith istigh sa bpost,’ a chreideann Síle. ‘Caithfidh tú an grá sin a bheith agat. Tá sé chomh speisialta a bheith in ann obair le gasúir.’
Ach d’athraigh rudaí beagán cúpla bliain ó shin, nuair a tháinig Covid timpeall. Thuig Síle go raibh uirthi triail a bhaint as rud éigin iomlán nua, agus sinn ag fanacht sa bhaile. ‘Bhí Cúla4 ag cuartú múinteoirí le Cúla4 ar Scoil a dhéanamh. Bhí mé sa mbaile agus dúirt mé ‘sure, caithfidh muid isteach é. D’iarr mé ar mo dheirfiúr físeán beag a dhéanamh. Phioc mé turgnamh eolaíochta le déanamh. D’éirigh liom. Ní raibh a fhios agam ceard a bhí mé ag súil leis, mar ní raibh tada mar sin déanta agam. Ach, thit mé i ngrá leis ar bhealach.

Sile ag dul go dti an spas. Pictiur Curtha ar fail
Síle ag dul go dtí an spás. Pictiúr: Curtha ar fáil

Bhí sé iomlán difriúil ó a bheith ag múineadh sa rang. Ach fós, bhí ceangail oideachasúil ann.
‘Nuair a chríochnaigh sé sin, bhí a fhios agam nach raibh mé críochnaithe. Bhí a fhios agam go raibh orm rud éigin eile – agus nach raibh mé sásta go raibh an turas sin críochnaithe agam.
‘Cúpla bliain i ndiaidh, chonaic mé an glaoch le haghaidh láithreoirí Cúla4. Braithim go dtuigim an mheon, mar go bhfuil an ceangal sin agam leis an scoil’.


‘Nuair a bhíonns an séasúr ag tarlú – taifead agus an scoil – ní féidir le tada dul mícheart i mo shaol. Caithfidh chuile short a bheith a bheith réitithe. Bíonn sé gnóthach, ach taitníonn sé go mór liom. Oibríonn sé dom.
‘B’fhéidir go gcailleann tú amach ar choisirí agus castáil suas le do chuid cairde. Le bheith fírinneach, tá tacaíocht iontach agam.
‘Is breá liom na meán Gaeilge. Tá rud éicint deas ceangailte. Is breá liom a bheith in ann an Ghaeilge a chur chun cinn. Agus is dóigh liom le Cúla4, tá muid ag freastal ar chuile dhuine. Bímse ar siúl i láthair an lae. Agus bím ag díriú ar ghasúir bunscoile. Bíonn muid ag déanamh go leor rudaí gníomhach i mo Zón. Bíonn muid ag imirt cluichí, ag déanamh turgnamh eolaíochta, rudaí ealaíona, ag damhsa – agus go leor rudaí mar sin. Rudaí a choinneanns na gasúr leat, ach ag an am ceanna, go bhfuil siad fhéin in ann tabhairt faoi.


Is cuimhin liom lá amháin, bhí mé ag an scoil. Agus nuair a bhíonns mise ag an scoil, bíonn an Zón ag dhul amach. Ach tháinig cailín bheag isteach sa scoil. Agus bhí sí ina naíonán beag ag an am. Bhí mé istigh sa seomra foirne ag caint. An chéad rud eile, shiúl sí thairis an doras, shiúl sí ar ais, agus bhreathnaigh sí orm.
Dúirt sí ‘Ach bhí tusa ar an teilifís sular tháinig mé ar scoil. Ceard atá tú ag déanamh anseo?’ Cén chaoi go ndeachaigh tú anseo chomh scioptha?’

Sile 4
Síle le SpongeBob i gcomhair SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? Pictiúr: Curtha ar fáil


‘Dúirt mé nach raibh mé ag iarraidh an draíocht uilig a bhaint as an scéal. Dúirt mé ‘Tá draíocht agamsa. Tá draíocht speisialta agam atá in ann mé a thabhairt anseo chomh scioptha. Agus ní bhfaca tú mé’. Bhreathnaigh sí orm, agus dúirt sí, ‘yeah, óicé’. Shiúl sí léi isteach sa rang.’
An rud a ndeachaigh i bhfeidhm ormsa agus mé ag caint le Síle ná an méid meas atá aici ar pháistí. Tá sé éasca le feiscint cén fáth go bhfuil páistí na tíre, chomh tógtha léi. Ba sheasamh di í an múninteoireacht bunscoile. Is féidir le Síle a scileanna múinteoireachta agus a cineáltas a chur amach ar Cúla4 gan stró.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram