An Fréamhú Collective ag iarraidh naisc a chothú idir muintir na tíre agus ár dtalamh

Labhraíonn Aisling Ní Dhonnanbháin faoin tábhacht a bhaineann leis an Fréamhú Collective

Bhunaigh Aisling Ní Dhonnabháin agus Afraic Ó Ríordáin Freamhú Collective anuraidh, grúpa a mbíonn ag iarraidh foghlaim faoina naisc atá againne go léir lenár dtalamh féin.

Ag an tús, ní raibh ach smaointe acu. Chuaigh Aisling ar Instagram le glaoch amach. Bhí sí ag iarraidh fáil amach go raibh spéis ag daoine dul ag snámh san fharraige álainn i mBaile Átha Cliath, i dtimpeallacht Gaelainne.

Laistigh de lá, bhí 50 duine sa ghrúpa WhatsApp cheana féin.

Aisling Ni Dhonnabhain
Aisling Ní Dhonnabháin. Pictiúr: Curtha ar fáil

‘An aidhm atá ag an ghrúpa ná cabhrú le daoine filleadh ar an teanga, ach tríd an saol nádúrtha’, a dúirt Aisling Ní Dhonnabháin.

‘Bíodh sé sin ag dul ar siúlóidí sna sléibhte, ag dul ag snámh san fharraige, nó ag freastail ar phainéil chainte le daoine atá ag obair sna hearnálacha sin.

‘Tá imeacht ar siúl againn an Satharn beag seo ina mbeimid ag déanamh lino-phriontáil – ealaín dos na bláthanna fiáin atá ag fás tráth seo na bliana.

An Fréamhú Collective. Pictiúr Curtha ar fáil
An Fréamhú Collective. Pictiúr: Curtha ar fáil

‘Braithim go bhfuil mo chroí ardaithe ag an bhFréamhú Collective. Is léir go bhfuil spéis ag daoine san ábhar seo. Tá siad ag iarraidh féachaint ar an saol mórthimpeall orainn, agus a rá “conas go ndéarfainn é seo trí Ghaelainn. Conas gur féidir liom níos mó tuiscint a fháil ar an áit a bhfuil cónaí orm trí na logainmneacha, nó na scéalta miotaseolaíochta a bhaineann leis an áit”.

An Freamhu Collective. Pictiur Curtha ar fail 2
An Fréamhú Collective. Pictiúr Curtha ar fáil

Rud atá tábhachtach d’Aisling agus Afraic ná imeachtaí Gaelainn a chur le chéile in áiteanna nádúrtha.

‘Tarlaíonn an-chuid de na hócáidí Gaelainn i dtithe tábhairne, i gcaiféanna. Tá brú alcóil a ól, agus airgead a chaitheamh chomh maith.’

Agus iad ag cruthú Fréamhú Collective, bhí Aisling agus Afraic ag iarraidh ómós a thabhairt do Mhanchán Magan, a d’imigh ar shlí na fírinne roimh Nollaig.

‘Tá Fréamhú Collective an-spreagtha ag Manchán Magan, laoch na nGael. Is saibhre ár n-oidhreacht a bhí leis. Bheimis gann ar eolas mar seo murach é.’

An Freamhu Collective. Pictiur Curtha ar fail 3
An Fréamhú Collective. Pictiúr: Curtha ar fáil

Bíonn daoine nach raibh focal Gaelainne labhartha acu riamh ag freastal ar na himeachtaí, ní hamháin chun tús a chur lena aistear foghlamtha, ach a bheith nasctha lenár dtimpeallacht, ár n-oidreacht, agus stair na tíre seo.

Má tá fonn ort freastail ar an gceardlann lino-phriontáil a bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 25ú hAibreán, níl ort ag dul go freamhu.collective ar Instagram agus an fhoirm atá sa ‘bhio’ a líonadh.

Cuireann Fréamhú Collective fáilte roimh dhaoine le gach leibhéal Gaelainn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram