Tá grá ag lucht gnó do Ghaeilge, de réir taighde nua

14/12/2025

Léiríonn taighde nua nach mian leis an bpobal go mbeadh fógraí Gaeilge ina n-aistriúcháin ar an mBéarla, ba mhaith linn nasc fíorchultúrtha – agus tá fonn ar na fógróirí é sin a léiriú.

Léiríonn taighde nua gur tháinig méadú ollmhór ar spéis sa teanga mar gheall ar chinneadh an Rialtais méid beag de chaiteachas ar fhógraíocht stáit a atreorú i dtreo na Gaeilge.

Ní hamháin sin, ach dúirt feidhmeannaigh fhógraíochta gur chuir píosa amháin eolais iontas orthu. Is é sin go bhfuil súil ag an bpobal le ‘nasc cultúrtha dílis i bhfeachtais Gaeilge’.

Léiríonn an staidéar, atá beartaithe don tionscal fógraíochta agus ní don phobal i gcoitinne, dearcadh na bhfógróirí i leith na Gaeilge.

Dúirt feidhmeannaigh fhógraíochta gur chuir píosa amháin eolais iontas orthu. Is é sin go bhfuil súil ag an bpobal le ‘nasc cultúrtha dílis i bhfeachtais Gaeilge’
Dúirt feidhmeannaigh fhógraíochta gur chuir píosa amháin eolais iontas orthu. Is é sin go bhfuil súil ag an bpobal le ‘nasc cultúrtha dílis i bhfeachtais Gaeilge’

Chomh maith leis sin tá na torthaí dearfach den chuid is mó.

Tagann an taighde – ‘An Analysis of Dual-Language Advertising Effectiveness in Ireland: An Echo or a Voice?’ – ó WPP Media Ireland, agus léiríonn sé dhá phointe atá an-suimiúil do fhógróirí, agus do phobal na Gaeilge chomh maith:

• Deir sé gur cheart dóibh aistriú ó aistriúchán simplí go ‘traschruthú’ (trans-creation);

• Agus fuarthas amach go bhfuil ‘ionchas poiblí cumhachtach’ ann maidir le ‘nasc cultúrtha dílis i bhfeachtais Gaeilge’. Agus gur tháinig sé sin aniar aduaidh orthu.

Leanann sé seo taighde ó Media Tracker, atá ar siúl ag WPP Media, agus a thuairiscigh, i mBealtaine, méadú ar infheictheacht agus ar thabhairt chun cuimhne (recall) fógraíochta Gaeilge.

Cé gur dheimhnigh an staidéar níos luaithe rath thionscnamh an Rialtais maidir le feasacht a mhúscailt, déanann an anailís is déanaí seo iniúchadh níos doimhne ar éifeachtacht na bhfeachtas seo, go háirithe nuair a reáchtáiltear iad taobh le taobh le comhghleacaithe Béarla.

De réir WPP: ‘B’fhéidir gurb é an toradh is suntasaí, agus an ceann nach rabhamar ag súil leis ón taighde, ná an t-ionchas láidir poiblí maidir le barántúlacht i bhfógraíocht na Gaeilge.

‘In ainneoin na ndúshlán tuisceana, creideann an pobal go mór go n-úsáideann brandaí an Ghaeilge i bhfeachtais ‘chun nasc dáiríre a dhéanamh le cainteoirí Gaeilge agus an teanga a chur chun cinn.’

Dúirt Eimear McGrath, stiúrthóir taighde ag WPP Media: ‘Is léargas cumhachtach é an fonn seo ar rannpháirtíocht bharántúil do straitéis amach anseo.

‘Léiríonn sé go bhfeiceann an pobal fógraíocht na Gaeilge mar rud atá níos mó ná ceanglas rialála amháin, feiceann siad é mar dheis do bhrandaí tiomantas cultúrtha níos doimhne a léiriú.

‘Is príomhghné d’fhógróirí í an t-ionchas seo maidir le nasc dílis, seachas díreach comhlíonadh a dhéanamh.’

Dúirt Paul Enright, stiúrthóir gnó ag Mindshare, gníomhaireacht le WPP, gur féidir leis an straitéis reatha, sé sin aistriúchán díreach a dhéanamh, a bheith neamhéifeachtach, agus gur féidir feidhmíocht laghdaithe a bheith mar thoradh air sin.

‘Feicimid gur macalla í an fhógraíocht Gaeilge faoi láthair, ní guth é. Fiú nuair nach féidir aistriúchán díreach a sheachaint, tá sé ríthábhachtach a héifeachtacht a uasmhéadú agus is eol dúinn gur féidir é sin a dhéanamh ar roinnt bealaí éagsúla.

‘Tugann na torthaí seo léargais shoiléire, inghníomhaithe (actionable) do bhrandaí agus do chomhlachtaí poiblí,’ a dúirt Enright.

‘Tá sé in am bogadh thar chomhlíonadh, agus infheistíocht a dhéanamh i straitéisí a nascann i ndáiríre le grúpa mór cainteoirí Gaeilge, beag beann ar a n-inniúlacht, ag athrú fógraíochta Gaeilge ó mhacalla go guth cumhachtach, barántúil a théann i bhfeidhm go mór ar ionchais chultúrtha.’

Tá an staidéar bunaithe ar thrí thonnta taighde. Bhí dhá shampla ionadaíocha náisiúnta ar leith le 800 duine fásta i ngach tonn, rud a thug méid iomlán samplach de 4,800 freagróir don staidéar ar fad.

I ngach tonn, nochtadh grúpa amháin d’fheachtais Bhéarla agus an grúpa eile dá macasamhail Ghaeilge coibhéiseach.

Léiríonn na torthaí an méid atá bainte amach agus an méid atá le baint amach fós:

Tá an staidéar bunaithe ar thrí thonnta taighde.
Tá an staidéar bunaithe ar thrí thonnta taighde.

Aithníodh bearna 35% pointe i dtuiscint ar fhógraí Gaeilge i measc lucht féachana nár chonaic an leagan Béarla roimhe sin.

Cé go léiríonn sé seo go gcaithfidh go leor daoine an fógra Béarla a fheiceáil chun brí an fhógra Gaeilge a thuiscint, léiríonn sé freisin nach bhfuil ann ach 35%. Is maith an rud é sin do teanga mar an Ghaeilge a bhí ag dul i léig go dtí seo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram