Tá Prunella Scales, a bhí mar Sybil i Fawlty Towers, marbh ag aois 93

Fuair ​​an t-aisteoir Fawlty Towers, Prunella Scales, bás go síochánta ina teach i Londain tar éis di fulaingt ó néaltrú (dementia) ó 2013.

Tá Prunella Scales, Sybil i Fawlty Towers, tar éis bás a fháil go síochánta ina teach i Londain, dar le ráiteas óna mic, Samuel agus Joseph.

Prunella Scales
Prunella Scales. Pictiúr: Yui Mok/PA Wire

Dúirt siad: ‘Fuair ár máthair álainn, Prunella Scales, bás go síochánta sa bhaile i Londain inné. Bhí sí 93 bliain d’aois.’

Cé gur cuireadh deireadh lena gairm aisteoireachta mar gheall ar néaltrú (dementia), d’fhan sí sa bhaile agus lean sí uirthi ag féachaint ar Fawlty Towers — fiú an lá roimh a bás.

Bhí sí pósta le Timothy West ar feadh 61 bliain. Fuair sé bás i mí na Samhna 2024.

D’fhág sí ina diaidh beirt mhac, iníon chéim, seachtar garpháiste agus ceathrar gar garpháistí.

Dúirt a clann: ‘Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a thug aire iontach do Pru ag deireadh a saoil. Bhí a laethanta deireanacha compordach, sona agus lán le grá.’

Prunella Scales agus Timothy West Pictiur
Prunella Scales agus Timothy West. Pictiúr: Ian West/PA Wire

Bhí Sybil Fawlty, a carachtar i Fawlty Towers, mar bhean chéile fhulangach Basil Fawlty, le John Cleese sa ról sin. Bhuaigh an clár BAFTA don chláir ghrinn scríofa is fearr i 1976.

I mbliana, comóradh 50 bliain ó craoladh an chéad eipeasóid den chlár.

Bhí Prunella Scales ag streachailt le néaltrú soithíoch ó 2013. Bhí sí sa ról Banríon Eilís II i A Question of Attribution le hAlan Bennett, agus bhí sí le Ronnie Barker i Seven Of One i 1973.

Bhí sí le feiceáil freisin i Great Canal Journeys lena fear céile, ag taisteal ar bhád sna canálacha timpeall na Breataine. Bhí an clár sin tábhachtach mar léirigh sé go hoscailte a saol le néaltrú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram