

Tá Oíche Chultúir linn Dé hAoine le go leor le déanamh do Ghaeilgeoirí, agus i gcroílár na himeachtaí, mar is gnáth, beidh Doireann Ní Ghlacáin.
Beidh Doireann le feiscint ar RTÉ a hAon, ag cur ‘Culture Night Live’ i láthair, agus é ag teacht ó chathair na Gaillimhe ag a hocht a chlog.

Is gariníon í de Sheán Ó Riada, a d’fhás aníos i gCluain Tarbh (Clontarf) i mBaile Átha Cliath agus tá sí an-bhródúil as a hoidhreacht ceol.
Mar sin féin, chruthaigh sí a híomhá bharántúil féin.
Chuir sí ‘Tracks and Trails’ i láthair ar RTÉ níos luaithe i mbliana. Ach níl a cuid buanna teoranta don Bhéarla amháin.
Bíonn Doireann ar sheónna TG4 go minic. Thaispeáin sí a phaisean don cheol agus Gaeilge ar Fleadh 25 le déanaí.
Ach, ní féidir linn dearúd a dhéanamh ar a phodchraoladh ollmhór, How to Gael.
Cuireann Doireann an phodchraoladh dátheangach i láthair le láithreoirí teilifíse agus raidió, Síomha Ní Ruairc agus Louise Cantillon.
Tá How to Gael chomh mór sin gur chuadar ar thuras dhomhanda níos luaithe i mbliana.
Thugadar cuairt ar chathracha ar nós Nua Eabhrac, Vancouver, agus … Cathair Luimnigh.

Chonaiceas iad beo i Dolans, agus bhíodar thar barr.
Agus le hOíche Chultúir 2025 buailte linn, is cosúil go bhfuil an fidléir níos gnóthaí ná riamh.
Tá Oíche Chultúir ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód, agus beidh go leor imeachtaí Gaeilge ar siúl timpeall na tíre anocht.
Bí réidh d’oíche lán le craic, ceol agus comhluadar.
Ag tosnú sa deisceart, tá Preab-Gaeltacht eagraithe ag Comhluadar Luimnigh i dTigh Dhubháin (Devane’s), An tOspidéal.
Tosnóidh sé ag 9.30pm. Beidh sé foirfe duit más maith leat cairde nua le Gaeilge a dhéanamh, agus cinnte muna bhfuil tú ag tiomáint.
Tá Céilí dá Theaghlaigh á reáchtáil ag an múinteoir rince Aedín Ní Mhaoiléidigh i CLG na Fianna, Bóthar Mobhí, Baile Átha Cliath. Tosnóidh sé ag a seacht.
Agus is féidir leat freastal ar ‘Oíche an tSeanchais agus na Nua-Aoiseachta i gConamara Láir’, má tá tú ag iarraidh freastal ar sheó i gcroílár na Gaeltachta.
Cibé áit ina mbeidh tú anocht, dean cinnte go bhfuil oíche nótálta agat.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.