

Ní ionadh é a rá gur cosúil go bhfuil gach réalta mór le rá, agus fiú a máithreacha, tar éis teacht go hÉirinn i mbliana lena gcuid laethanta saoire a chaitheamh.
Agus, le fírinne, níl aon duine ag gearán faoi sin.

Is deas a chloisteáil nach bhfuil siad go léir ag bailiú sa phríomhchathair amháin, ach go bhfuil siad ag taisteal timpeall na tíre chun blaiseadh a fháil de gach a bhfuil le tairiscint againn.
An t-aisteoir cáiliúil Steve Carell – réalta The Office, Despicable Me agus The Four Seasons – ba é an duine is déanaí a tháinig trasna an Atlantaigh.
Chonacthas Steve ar Inis Meáin le déanaí, ag baint sult as deireadh an aimsir iontach a bhí againn an samhradh seo.

Bhí áthas ar mhuintir na háite, agus ghlac Síofra Nic Mhánais, atá ag obair i dTeach Ósta Inis Meáin, grianghraf de Steve agus é ag cur pionta Guinness dó féin – rud atá cosúil le traidisiún do chuairteoirí cáiliúla in Éirinn anois.
Bhí Síofra ag magadh: ’An chéad lá agam ar an bpost, agus d’éirigh leis níos fearr ná mise!’
Chomh maith leis sin, thug Steve cuairt ar Choláiste Naomh Eoin, áit ar chuir sé aithne ar mhúinteoirí Niall agus Elizabeth, a bhí thar a bheith sásta bualadh leis an réalta mór scáileáin.

Ag an am céanna a bhí Steve ag tarraingt piontaí in Iarthar na tíre, bhí John Cena – laoch WWE agus aisteoir – ag déanamh an rud céanna i mBaile Átha Cliath, i J.R Mahon’s ar Bhruach na Life roimh an chéad SmackDown in Éirinn riamh, a bhí á chraoladh beo ar Netflix timpeall an domhain.
Bhíos féin sa 3 Arena ar an oíche. Bhí an t-atmaisféar dochreidte.

Ní hiad Steve Carell agus John Cena amháin atá aimsithe in Éirinn i mbliana.
Tá Harry Styles feicthe i gCill Dara agus i gCill Mhantáin, tháinig Cynthia Nixon ar chamchuairt mór timpeall na tíre, agus ar ndóigh, tá Sarah Jessica Parker agus Matthew Broderick, atá i gcónaí sásta filleadh ar a n-áit fhéile in Iarthar na hÉireann.

Tá Éire, de réir cosúlachta, fós ar bharr an liosta do na réaltaí móra – agus is cosúil go bhfuil pionta Guinness mar chuid den turas do gach duine acu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.