

Tá leithscéal gafa ag eagraithe Fhéile Victorious sa Bhreatain leis an mbanna ceoil ó Chontae Lú, The Mary Wallopers.
Gearradh ceol an bhanna le linn a léirithe mar gheall gur thaispeáin siad bratach na Palaistíne ar an stáitse.
Tar éis an léirithe, dhiúltaigh na Mary Wallopers d’éilimh a rinne eagraithe na ceolchoirme.

Dhiúltaigh siad do ráitis mhíthreoracha a d’eisigh na heagraithe ag maíomh gur úsáid siad cantaireacht ‘idirdhealaitheach (discriminatory)’ ar an stáitse.
Bhí na Mary Wallopers ag seinm ag an bhféile i Portsmouth, Sasana, Dé hAoine nuair a dúirt siad gur ‘gearradh amach’ iad as bratach na Palaistíne a thaispeáint ar an stáitse.
Roinn an grúpa físeán dá léiriú ar Instagram, le ráiteas ag rá gur chuir ball foirne na féile isteach ar an seó.
Dúirt na Mary Wallopers: ‘Diúltaímid go hiomlán do léiriú Victorious ar na himeachtaí agus iarraimid orthu a ráiteas a tharraingt siar.’
Tráthnóna Dé Sathairn dúirt na heagraithe go ‘tacaíonn siad go hiomlán le ceart na n-ealaíontóirí a dtuairimí a chur in iúl go saor ón stáitse, laistigh den dlí agus de nádúr cuimsitheach an imeachta.
‘Tá brón orainn gur tharla an cás seo agus déanfaimid síntiús suntasach a thabhairt d’iarrachtaí faoisimh dhaonnúil do mhuintir na Palaistíne.’
Fuair ráiteas Mary Wallopers tacaíocht mhór ó réaltaí agus ceoltóirí Éireannacha eile.
Scríobh Kneecap sraith emojis bualadh bos agus dúirt craoltóir RTÉ Louise Duffy: ‘Tá sin dochreidte. Maith sibh @marywallopers.’
Mar thoradh ar ghearradh siar ar sheit The Mary Wallopers, tharraing roinnt ealaíontóirí siar ón gclár oibre ag an bhféile, lena n-áirítear Cliffords Band agus The Last Dinner Party.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.