Amy faoi bhláth le BOD agus réaltaí na hÉireann ag Wimbledon

Thaispeáin Amy agus BOD faisean na hÉireann ag Wimbledon – ach níorbh iadsan na hÉireannaigh amháin a rinne é: Féach ar na pictiúir

Níl aon duine chomh galánta ná Amy Huberman, agus bhí sí galánta ag Wimbledon lena fear céile Brian O’Driscoll.

Tá sé soiléir go raibh Amy ag súil go scoiltfeadh an ghrian na clocha, óna éadaí bláthanna. Ach faraor, níor sheas an aimsir sa Bhreatain mar a theastaigh uaithi.

Mar sin féin, chaith an mháthair triúr a bhláthanna agus a spéaclaí gréine go bródúil ag an All England Lawn Tennis and Croquet Club. 

Amy Huberman agus Brian ODriscoll 2
Amy Huberman agus a fear céile Brian O’Driscoll. Pictiúr: Karwai Tang/WireImage

Roghnaigh Amy gúna ó FéRí, branda a chuireann inbhuanaitheacht chun cinn.

Chaith sí gúna Alex. Tá prionta bláthanna bog, péinteáilte de láimh ag a fhabraic sreabhann, agus bhí gúna slip liológ faoi. Tá an dearadh maisithe le ruifil ar fud ón muineál go dtí an sciorta, agus ar na muinchillí.

angela3
Angela Scanlon agus a fear céile Roy Horgan ag Wimbledon

Tá an gúna Alex ar fáil ar €390 agus is léir go bhfuil an-éileamh air mar níl sé ar fáil faoi láthair ach i méideanna 6 agus 14.

Chaith Amy péire spéaclaí gréine corcra, mála óir agus cuaráin (sandals) óir freisin.

chris o down
Chris O’Dowd agus Dawn O’Porter 

Tá gúna FéRí Amy cosúil le gúna Keepsake a chaith sí ag Wimbledon  i 2018. Dearadh bláthanna a bhí ann freisin, le mionsonraí ruifil, ach bhí an chulaith sin mar midi in ionad maxi.

Bhí Cuma iontach ar a bhfear céile Brian freisin. Chaith sé culaith béas éadrom, léine bhán, carbhat dúghorm, agus bróga gúna donn. 

Amy Huberman agus Brian ODriscoll ag Wimbledon 2025
Amy Huberman agus Brian O’Driscoll

Ní hiad an lánúin an t-aon aghaidheanna Éireannacha a chonacthas ag Wimbledon an tseachtain seo. Bhí an t-aisteoir Bad Sisters Sharon Horgan  i seastáin an ionaid i Londain Dé hAoine.

I measc na n-aghaidheanna aitheanta Éireannacha eile ag an ócáid i mbliana bhí Eve Hewson, Chris O’Dowd agus a bhean Dawn O’Porter, Vogue Williams, Joanne McNally, Laura Whitmore, Storm agus Ronan Keating, agus Angela Scanlon agus a fear céile Roy Horgan.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram