Bia duit! Féilte do na ‘foodies’ sa mhí atá amach romhainn

Sa lá atá inniu ann nach bhfuil gach duine ina ‘foodie’, mar sin seo cúpla féile samhraidh chun taitneamh a bhaint astu

Is breá le cách féile samhraidh, ach tá rud éigin speisialta faoi fhéilte bia do na ‘foodies’. Is é an rud is fearr fúthu ná nach gcuireann an bháisteach stop leis an tsiamsaíocht –  mar a dúirt daoine ag Taste of Dublin an tseachtain seo caite.

Bhailigh muintir na cathrach le chéile chun taitneamh a bhaint as an bhféasta, agus scamaill bháistí ag bailiú.

Drochscéál a bhí ann, ach bhí siad sásta go leor leis an nuacht is déanaí – sé sin go raibh an fhéile Taste of Dublin ar liosta Big 7: na 25 Féile Bia Samhraidh is fearr san Eoraip. Agus ag dul abhaile, thuig siad cén fáth.

Sa lá atá inniu ann nach bhfuil gach duine ina 'foodie'
Sa lá atá inniu ann nach bhfuil gach duine ina ‘foodie’

Agus tá nuacht níos fearr fós ann do na Gaeilgeoirí mar bhí príomhchathair na Gaeilge – Gaillimh –  sa dara háit ar an liosta céanna, dá Fhéile Oisrí agus Bia Mara cáiliúil.

Bhí an-tóir ar an bhféile i gcónaí i measc beadaithe críochnaithe (real foodies) na hÉireann ach cuireann sé lena gcáil go bhfuil Big 7 tar éis é a vótáil mar an dara féile bia samhraidh is fearr san Eoraip.

Is suíomh taistil agus cuideachta meán é Big 7 atá speisialaithe i mbailiú na n-eispéiris, na spotaí bia agus dí agus na ngníomhaíochtaí is fearr ar fud an domhain.

Breis is 70 bliain d’aois, ó bunaíodh í sa bhliain 1954, beidh Féile Idirnáisiúnta Oisrí agus Bia Mara na Gaillimhe ar siúl ón 26 go dtí an 28 Meán Fómhair i mbliana.

Is féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as an bparáid, na taispeántais agus ar ndóigh an comórtas cáiliúil, ‘Shucking’, le 20 iomaitheoir ó gach cearn den domhan.

‘Caith buicéad lán d’oisrí (oysters) siar, bain sult as an gceol traidisiúnta, agus féach ar na máistrí ag obair – agus an méid sin ar fad suite i gcoinne chúlra chósta an Atlantaigh,’ a scríobh eagarthóirí Big 7.

Roinnt féilte bia ar fud na hÉireann le linn na míosa atá le teacht

Féile Bia Comber Earlies (Comber Earlies Food Festival) – 28 Meitheamh

Ceiliúradh ar phrátaí áitiúla, Comber Earlies, atá Stádas PGI (tásc cosanta geografach) acu, agus ar an mbia agus an deoch áitiúil, le cócairí agus taispeántais chócaireachta, margadh bia ceardaíochta, ceol beo, siamsaíocht teaghlaigh, ceardaíocht agus tuilleadh. Bíonn sé ar siúl i dTeach agus Feirm Newbridge, díreach 10 nóiméad ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, i bpáirceanna áille.

Seó Blasanna Chontae Fhine Gall (Flavours of Fingal County Show) 5-6 Iúil

Tá féile Blasanna Fhine Gall anois ina 13ú bliain agus bhí níos mó ná 65,000 cuairteoir aici anuraidh. Tá siamsaíocht ann do theaghlaigh, ceol agus siopadóireacht –agus tá an bia agus an deoch thar bharr.

40ú Féile Bia Mara Cé Chill Mhór (Kilmore Quay Seafood Festival) 10-13 Iúil

Ceiliúradh ar bhia mara – le siamsaíocht agus gníomhaíochtaí don teaghlach. Is é an rud speisialta faoin bhféile seo ná go bhfuil neart bia mara blasta ann, a gabhadh go háitiúil ag iascairí.

Féile Bia Wells (Wells Food Fest) – 13 Iúil

Lonnaithe i dTeach agus i nGairdíní áille Wells, tá trucailí bia, ceol beo agus sráidbhaile ceardaíochta ag an imeacht seo. Is féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar an bhfeirm ainmhithe, fánaíocht a dhéanamh trí na coillte agus na gairdíní áille, agus taitneamh a bhaint as bia blasta.

  • Coinnigh súil ar BIA DUIT! le haghaidh eolais faoi imeachtaí eile i mí Lúnasa agus níos déanaí sa bhliain.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram