Brón Sharlene Mawdsley i ndiaidh bhás a Daid

Tá Sharlene Mawdsley tar éis a brón a insint i ndiaidh bhás a hathar an tseachtain seo caite

Tá an lúthchleasaí clúiteach Sharlene Mawdsley as Tiobraid Árann, croíbhriste tar éis bhás tobann a hathar, Thomas (Tucker) Mawdsley. 

Fuair sé bás Dé Máirt, an 3 Meitheamh.

Thomas (Tucker) Mawdsley
Thomas (Tucker) Mawdsley

D’fhógair sí an drochscéal ar na meáin shóisialta Déardaoin seo caite agus dúirt sí: ‘Tá mé croíbhriste le rá go bhfuil mo Dhaid imithe uainn.

‘Níl focail agam chun cur síos ceart a dhéanamh ar an bpian atá ionam. Beidh grá agam dó go deo agus beidh mé i gcónaí á chailleadh.’

Ghabh Mawdsley buíochas le gach duine a bhí cineálta agus tacúil lena clann: ‘Go raibh míle maith agaibh go léir, go háirithe leis na seirbhísí éigeandála, ár gcomharsana iontacha agus an pobal níos leithne.’

De réir an fhógra báis, beidh Thomas Mawdsley ‘go mór in easnamh agus grá dó go deo dá pháirtí Louise, a mháthair Sally, a mhac, a iníonacha, a gharchlann, a dheartháireacha, a dheirfiúracha, agus chairde ar fad.’


Sharlene Mawdsley. Pic: INPHO/Tom Maher
Sharlene Mawdsley. Pic: INPHO/Tom Maher

Bhí Sharlene Mawdsley ag glacadh páirte i rás 400m i gCraobhchomórtas Michael Johnson i Philadelphia díreach roimh an eachtra bhrónach. Bhain sí amach an séú háit lena ham is fearr den séasúr: 51.12 soicind.

Tá comhbhrón á léiriú ag daoine ar fud na tíre. Dúirt duine amháin: ‘Comhbhrón ó chroí le Sharlene, Louise agus clann Mawdsley. Suaimhneas síoraí dá anam.’

Dúirt duine eile: ‘A Sharlene, tá brón an domhain orainn go bhfuil do Dhaid imithe uait. Ár gcomhbhrón ó chroí leat féin agus le do mhuintir ar fad.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram