

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil Caoimhín Kelleher, an cúl báire Éireannach ó Chorcaigh, ag fágáil Liverpool agus ag bogadh go Brentford.

Ach is cuma cé chomh cáiliúil is a mbeidh sé i sacar Shasana, beidh a pháirtí Eimear Murphy, damhsóir Gaelach, in ann a fhréamhacha iománaíochta i gCorcaigh a chur i gcuimhne dó.
Tá Caoimhín 26 bliain d’aois agus tá sé ag imirt leis an bhfoireann shinsearach ó 2019.
Bhí suim ag clubanna eile cosúil le West Ham, Leeds, agus Bournemouth ann, ach is cosúil go mbeidh sé ag teacht in áit Mark Flekken, atá ag fágáil Brentford chun dul go Bayer Leverkusen.

Tá Caoimhín i gcaidreamh le Eimear le roinnt blianta.
Tá an bheirt le chéile ó bhí siad ina ndéagóirí, agus Eimear fiú ag múineadh damhsa Gaelach don chúl báire.
‘Tá mo chailín oilte i ndamhsa Gaelach, mar sin táim ag iarraidh roinnt gluaiseachtaí a fhoghlaim freisin,’ a dúirt sé leis an Liverpool Echo anuraidh.
‘Bhíodh mé á dhéanamh ar scoil sa bhaile, mar sin táim ag iarraidh é a phiocadh suas mar ba mhaith liom é a fhoghlaim arís.’

Tógadh Caoimhín i gContae Chorcaí. Is é an duine is óige i gclann le cúigear deartháireacha.
Tá a dheartháir Fiacre, atá 29 bliain d’aois, ag imirt le Colchester United i Roinn a Dó, i Sasana faoi láthair. D’imir a dheartháireacha iománaíocht, Fiacre é féin san áireamh.
Thosaigh Caoimhín lena chlub áitiúil, Ringmahon Rangers, sular bhog sé go hAcadamh Liverpool i 2015. D’fhan sé leo agus shínigh sé conradh nua i 2018.

Agus gheobhaidh an club sacair amaitéarach Ringmahon íocaíocht de thart ar €3 mhilliún mar thoradh ar imeacht Kelleher go Brentford ó Liverpool.
Bhí sé ar bhinse Liverpool nuair a bhuaigh siad an Champions League in aghaidh Tottenham Hotspur i 2019, agus é ar dhuine den bheagán Éireannach a ghnóthaigh an teideal sin.
D’imir sé a chéad chluiche iomaíoch leis an gclub i mí Mheán Fómhair 2019.
Sa bhliain 2020, chuaigh sé i gcion ar lucht leanúna na foirne nuair a choinnigh sé an cúl glan cúpla uair.
Tá 22 cluiche imeartha ag Caoimhín leis an bhfoireann náisiúnta. D’imir sé ag leibhéal Faoi-17, Faoi-19, agus Faoi-21 sular tháinig sé isteach sa scuad sinsearach i 2018. D’imie sé a chéad cluiche sa bhliain 2021.
Leis an aistriú seo go Brentford, táthar ag súil go mbeidh níos mó ama ag Kelleher ar an bpáirc agus go leanfaidh sé ar aghaidh ag forbairt mar phríomh-chúl báire na hÉireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.