Éist leis an agallamh: Tábhacht an Bhoird Bia agus féile mhór Bloom

29/05/2025

An Druid Chef Ruairí Ó Móracháin ag labhairt faoi Bhord Bia agus Féile Bloom

Ní thosaíonn an samhradh i ndáiríre in Éirinn go dtí Féile Bloom le Bord Bia – ceiliúradh ildathach a dhíríonn ar an ngarraíodóireacht, bia agus maireachtáil inbhuanaithe.

Beidh réaltaí móra chócaireachta ann mar Donal Skehan agus Darina Allen – agus leis sin beidh ‘Taste of Bloom, Curated by Neven’, le Neven Maguire agus beidh Trisha Lewis i gceannas ar an ‘Seafood Kitchen’. Agus an-chuid eile.

Bloom le Bord Bia
Bloom le Bord Bia

Is é an fhéile bia is mó in Éirinn agus bíonn baint ag an Druid Chef Ruairí Ó Móracháin leis i gcónaí; agus labhair Ruairí le ExtraG agus Raidió na Life faoi thábhacht na féile.

I mbliana, tá Bloom níos gnóthaí ná riamh. Táthar ag súil le breis is 100,000 cuairteoir, le 21 gairdín seó nua, 11 gairdín ‘cárta poist’, agus níos mó ná céad táirgeoir bia agus deoch cheardaíochta (artisan) ann.

Agus níl dearmad déanta ar na páistí. Beidh go leor gníomhaíochtaí spraíúla dóibh freisin, lena n-áirítear an ‘Budding Bloomers Children’s Botanical Hub’ le taispeántais idirghníomhacha agus ceardlanna faoi phlandáil.


An Druid Chef Ruairí Ó Móracháin
An Druid Chef Ruairí Ó Móracháin

Éist leis an agallamh anseo le Ruairí Ó Móracháin
ag labhairt faoi Bhord Bia agus Bloom


Deir Ruairí Ó Móracháin go bhfuil dhá seó iontach mór do mhuintir na hÉireann gach bliain atá an-tábhachtach: siad sin an ‘Ploughing Championship’ agus Bloom le Bord Bia.

Tá Bloom i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath cosúil leis an Chelsea Flower Show ach níos tábhachtaí i dtaobh an bia de mar gheall ar an mbaint atá ag Bord Bia leis.

‘Is teacht le chéile mór atá i gceist,’ a deir Ruairí. Sé sin do na cuideachtaí móra, na cócairí, na healaíontóirí agus na garraíodóirí –  agus na mílte duine a thagann chun taitneamh a bhaint as an bhféile.

thumbnail Bloom Festival 3

‘Tá Bord Bia ag tabhairt an tacaíocht mhór do Bloom, ní amháin thar an deireadh seachtain, tá an obair mhór á dhéanamh acu i rith na bliana,’ a deir sé.

‘Le sin tá gach sórt bia ag Bloom. Tá comhlachtaí beaga atá ag déanamh “innovation food”. Tá daoine ag déanamh bia Éireannach ann. Tá na stíleanna difriúla á chur i láthair acu.

‘Agus tá na comhlachtaí móra ann chomh maith. Agus an rud atá siad ag déanamh ná seastán do bhia na hÉireann.’

thumbnail Bloom Festival 5

Tá siad ag tabhairt amach eolais faoi mhargaíocht bia agus deochanna na hÉireann ar fud an domhain.

‘Agus tá sé sin ag tarlú ar feadh 10 mbliana anuas,’ a deir Ruairí, ‘Tá a lán beoracha difriúla agus fuisce agus gin ag teacht ar an margadh agus caithfidh tú áit mhór a bheith agat chun iad sin a cheiliúradh agus a chur i láthair do dhaoine agus a thaispeáint cad a bhfuil ag tarlú sa chomhlachtaí agus sa tionscal sin.’

Bíonn dhá halla mhóra ann. Ceann leis an bia blasta – na cáiseanna, na subha agus an feoil.

thumbnail Bloom Festival 6

‘Tá a lán eolas, tá a lán bia agus tá a lán craic ann chomh maith mar is ócáid mhór atá i gceist,’ a deir Ruairí.

‘Chomh maith leis sin tá amharclann do na “chefs”. Bíonn Neven Maguire agus na cócairí móra ann, agus a lán “chefeanna” eile mar Catherine Fulvio agus daoine mar sin i láthair.

‘Bíonn sé sin ag rith ar feadh ceithre lá, so gach uair tagann chef nua suas, ag déanamh na “recipes” agus ag tabhairt tacaíocht d’ábhar Éireannach agus bia Éireannach.

thumbnail Bloom Festival 7

‘In aice leis an gcaisleán sa pháirc tá áit don bhia ócáideach, nó “casual food”, agus tá amharclann le ceol agus áit do na páistí le spraoi a dhéanamh,’ a deir sé.

Agus  tá na ‘marquees ana mhór’, áit don tsiopadóireacht.

‘Is é sin croí Bloom,’ a deir Ruairí, ‘mar tá ealaín agus na plandaí agus an bia ann. Tá óstán ag tabhairt eolas amach. Tá a lán rudaí spéisiúil agus difriúil ann.’

Bíonn a lán ceannach ag dul ar aghaidh freisin,’ a deir sé, agus tá sé sin tábhachtach mar sin an áit a dtagann an t-airgead ar ais do na cócairí agus na garraíodóirí agus na healaíontóirí, ionas gur féidir leo leanúint lena gcuid iarrachtaí cruthaitheacha.

thumbnail Bloom Festival 8

Bíonn Ruairí féin i gcónaí ag déanamh rud éigean difriúil ag Bloom – agus sin a dhéanann formhór na ndaoine eile chomh maith. Sin é an fáth gur imeacht chomh huathúil é Bloom.

Deir Ruairí: ‘Mar shampla uair amháin rinne mé cócaireacht sna gairdíní le Calor Gas. Rinne mé beárbaiciú, ach bhí na “herbeanna” agus na plandaí go léir os mo chomhair sna gairdíní. Bhí mé in ann iad a úsáid i rith na cócaireachta.

‘Bhí beárbaiciú an-bheag agam. Bhí sé  cosúil le laptop, ach bhí mé in ann a lán a dhéanamh mar gheall ar Bloom. Chomh maith leis sin, is maith liom seó bia a chur i bhfeidhm, ag labhairt leis na daoine agus ag tabhairt sampla deas le nithe.’

Ach deir sé: ‘Caithfidh fuinneamh mór a bheith agat le dul go Bloom mar tá a lán siúl timpeall i gceist. Tá a lán bualadh le daoine agus tá gach rud ag tarlú ag an am céanna.

‘Caithfidh cosa láidir a bheith agat le dul timpeall. Bíonn tú tuirseach tar éis cuairt mhór a thabhairt do Bloom.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram