

Tá an scríbhneoir cáiliúil Éireannach, Patricia Scanlan, tar éis a nochtadh go bhfuil ailse chíche uirthi. Fuair sí an nuacht go tobann nuair a chuaigh sí chun seiceáil sláinte a fháil roimh an Nollaig.
Labhair Patricia leis an RTÉ Guide agus dúirt sí go raibh an ailse ina tubaiste di: ‘Bhain sé geit asam. Fuair mé na torthaí ar an 13ú Nollaig – droch-am ar fad.’ Bhí a leabhar nua, City Girls Forever, le seoladh agus bhí go leor oibre aici.
Cé go raibh stair teaghlaigh aici leis an ngalar, níor cheap sí go dtarlódh sé di féin.
Míníonn Patricia: ‘Bhí mé ceaptha dul chuig BreastCheck i mí Feabhra ach ní raibh mé in ann mo lámh a ardú mar bhí athshuíomh gualainne agam. Rinne mé athsceidealú do mhí na Samhna agus fuair mé na torthaí i mí na Nollag.’
Bhog gach rud go tapa ansin – obráid i mí Eanáir agus ceann eile i mí an Mhárta. Molann sí an cúram a fuair sí: ‘Tá an comhairleoir agus foireann BreastCheck thar cionn – cineálta agus cúramach.’

Anois, tá cóireáil radaiteiripe roimpi, ach mar gur aimsíodh an ailse go luath, tá Patricia dearfach faoi. ‘Is é an rud is deacra ná an fanacht ar thorthaí,’ a deir sí.
Tá lucht léitheoireachta na tíre ag tacú le Patricia agus ag guí gach rath uirthi.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.