Gracie Abrams ‘Felt good about’ Éireannaigh

24/03/2025

Bhí Gracie Abrams in Éireann ag rá: ‘Tá a fhios agam gur rud náireach Meiriceánach é seo, ach mharódh mo mhamó mé murar thug mé le fios gurb as Éirinn iad cuid de mo theaghlach’

D’fhill Gracie Abrams ar ais go hÉirinn le déanaí le haghaidh ceolchoirm spleodrach sa 3Arena agus chuir sí iontas ar an lucht féachana nuair a mhol sí an tír seo go mór.

Agus í ar stáitse, labhair an t-amhránaí as California faoina sinsir in Éirinn agus chur sí a cara nua Eoin in aithne dá lucht leanúna mar chas sí leis i mbeár fíona i mBÁC an oíche roimh ré.

Gracie le Paul Mescal
Gracie le Paul Mescal

Cé go raibh uirthi éirí as a turas de bharr tinneas le déanaí, bhí Gracie le feiceáil ar ais ar stáitse arís ag casadh a hamhrán ‘Felt Good About You’ agus bhí an lucht féachana ag béiceadh amach gach focal in éindí léi.

Tá Gracie ag siúl amach leis an aisteoir Paul Mescal as Má Nuad, agus thug sí faoi dearadh gur spreag a mamó di taighde a dhéanamh ar stair a clainne.

‘Tá a fhios agam gur rud náireach Meiriceánach é seo, ach mharódh mo mhamó mé murar thug mé le fios gurb as Éirinn iad cuid de mo theaghlach’ a dúirt Gracie go bródúil.

‘Is as Éirinn dó an ealaín is fearr liom, an fhilíocht is fearr liom, an scríbhneoireacht is fearr liom.’

Ba mhinic a bhí Gracie in Éirinn áfach, agus sheinn sí sa 3Olympia i 2023 mar chuid dá turas Eorpach ‘Good Riddance.’

Chonacthas í i gCorcaigh in éindí le Paul Mescal i rith na Nollag nuair a thug an lánúin cuairt ar Supervalu le greim a fháil le n-ithe.

Áfach, bhain Gracie fíor-thaitneamh as an gcuairt a thug sí ar an mbeár fíona ‘Loose Cannon’ i mBÁC oíche Dé Domhnaigh nuair a chas sí le cairde nua.

Lena daid  J. J. Abrams
Lena daid  J. J. Abrams

‘Breithlá Eoin a bhí ann! Gach duine, abraigí “Lá breithe sona” le hEoin’ a dúirt sí agus áthas an domhain uirthi.

Ar ndóigh, chas Gracie a hamhráin mór le rá ar fad cosúil le  ‘I Love You, I’m Sorry’, ‘Risk’, ‘us.’ agus ‘Mess It Up’. Chuir sí gliondar ar an lucht féachana nuair a chríochnaigh sí le ‘That’s So True’ agus ‘Close to You.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram