An ndearna sé dearmad? Mearbhall faoi Chillian Murphy ag na hOscars

09/03/2025

Shíl daoine go raibh Adrien Brody ag iarraidh póg mhór a thabhairt do Chillian Murphy

Cé go raibh a lucht leanúna ag tnúth go mór le Cillian Murphy a fheiceáil ag na hOscars, ní raibh sé soiléir ar éirigh leis LA a bhaint amach in aon chor fiú.

Tugadh cuireadh do Cillian freastal ar shearmanas na n-Oscars i mbliana, ach nuair a shiúil gach duine suas an cairpéad dearg, ní raibh Murphy le feiceáil in áit ar bith.

Áfach, nuair a bhí an gradam don Aisteoir is Fearr á bhronnadh, chuir Conan é i láthair don lucht féachana agus ar ndóigh bhí an Corcaíoch le feiceáil ar stáitse.

Cillian Murphy
Cillian Murphy

Bhí an chuma ar an scéal go ndearna Murphy dearmad ar na hOscars, mar ní raibh sé le feiceáil ar an gcairpéad dearg.

Ar na meáin shóisialta bhí go leor daoine ag caint faoi seo agus dúirt duine dá lucht leanúna, ‘Bhí mé ag suí mar amadán sa seomra suí ar feadh ceithre huaire an chloig, ag  fanacht ar Cillian Murphy agus tháinig sé amach díreach nuair a bhí mé sa leithreas.’

D’éirigh le Adrien Brody an Oscar a bhuachan dá ról sa scannán The Brutalist, agus nuair a chaith sé a ghuma coganta uaidh sula ndeachaigh sé ar stáitse lena ghradam a bhailiú, cheap daoine go raibh sé chun póg mór millteach a thabhairt do Murphy, mar a rinne sé le Halle Berry i 2003.

Ní dhearna sé áfach le Murphy, ach nuair a chas Halle Berry ar Adrien ar an gcairpéad dearg i mbliana, chrom sí a ceann le póg a thabhairt dó.

Dúirt sí le Marc Malkin ó Variety: ‘Bhí oíche den chéad scoth aige agus mise freisin agus fuair mé díoltas uaidh.

‘Chonaic mé é ag cóisir, ach seo an chéad uair go bhfaca mé é ar an gcairpéad dearg áit ar bith ó nuair a bhí an oíche sin ann. D’éirigh leis ainmniúchán a bhaint amach, bhí sé tuilte go maith aige.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram