

Fuarthas piollairí scaipthe tar éis fuarthas corp an aisteora Gene Hackman marbh lena bhean chéile sa bhaile.
Fuarthas Hackman, a bhí 95 bliain d’aois, marbh i seomra láibe (mud room) ina theach i Nua-Mheicsiceo agus fuarthas a bhean chéile, Betsy Arakawa, ar urlár seomra folctha Dé Céadaoin.
Thángthas ar bhuidéal oideas oscailte agus piollairí scaipthe in aice lena corp ar chuntar sa seomra folctha.
Bhí madra aoire Gearmánach marbh 15 troigh ar shiúl ó Arakawa, a bhí 64 bliain d’aois, i ‘closet’ sa seomra folctha. Fuarthas dhá mhadra eile beo ar an réadmhaoin.

Ní raibh aon chomharthaí soiléire de sceitheadh gáis i dteach Hackman agus níor aimsigh an Roinn Dóiteáin aon chomharthaí de sceitheadh aonocsaíde carbóin.
Chuaigh na póilíní go teach Hackman tráthnóna Dé Céadaoin tar éis d’oibrí cothabhála glao éigeandála a dhéanamh.
Fuarthas téitheoir in aice le ceann Arakawa agus creideann na póilíní go bhféadfadh an téitheoir titim léi.
Léirigh a corp comharthaí de lobhadh.
Fuarthas Arakawa ar dtús agus ansin Hackman agus ba chosúil gur thit sé ‘go tobann’.
Tá póilíní fós ag iarraidh a dhéanamh amach cad ba chúis lena mbásanna. Dúirt siad nach raibh aon chomharthaí soiléire tráma agus níor aimsíodh aon nóta.
Ainmníodh Hackman do chúig Oscar agus bhuaigh sé dhá cheann do The French Connection agus Unforgiven le Clint Eastwood.
Bhí Hackman le feiceáil i scannáin a chonaic na milliúin, lena n-áirítear Bonnie and Clyde, The French Connection, The Poseidon Adventure, Mississippi Burning, Unforgiven, Superman, Hoosiers agus The Royal Tenenbaums.
Dúradh i go luath Déardaoin nach raibh amhras ar bith ar an drochimirt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.