

Labhair Ralph Fiennes faoi céard atá sé ag súil leis ag na hOscars a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh.
Ainmníodh an scannán Conclave le haghaidh ocht ngradam Oscar.
D’éirigh go maith leis ag na Screen Actors Guild Awards an deireadh seachtaine seo caite freisin, agus bhí Fiennes ainmnithe do ghradam an aisteora is fearr de bharr a ról mar an Cairdinéal Lawrence.

Ag labhairt dó le ExtraG.ie i mBaile Átha Cliath, léirigh Fiennes a chuid smaointe faoin oíche is mó i Hollywood.
‘Bhuel, sílim gur féidir linn a bheith sách muiníneach mar d’éirigh linn, Conclave, an gradam BAFTA don scannán is fearr a bhuachan’, a dúirt sé.
‘Ach rud difriúil atá ann. Ag na hAcademy Awards, seans go mbeidh dearcadh difriúil ag an lucht vótála ach ba mhór an cuidiú é dúinn nuair a bhuamar an BAFTA. Táimid ag dul isteach ann agus misneach againn.’
Ag labhairt dó faoin searmanas sómhar, dúirt sé, ‘táimse lánchinnte go mbeidh daoine neirbhíseach, ach ar ndóigh bíonn áthas ar gach duine a bheith ann.’
Dar le Paddy Power, tá corrlach (odds) 14/1 ag Fiennes an gradam don aisteoir is fearr a bhuachan, taobh thiar de Timothee Chalamet ar 6/4 agus Adrien Brody ó The Brutalist ag 4/9.
Tá corrlach 40/1 ag Sebastian Stan agus tá Colman Domingo i bhfad siar le corrlach 50/1.
Tá ag éirí go maith le Conclave i measc na ngeallghlacadóirí. Tá corrlach 9/4 aige an gradam don scannán is fearr a bhuachan – taobh thiar de Anora ar 4/11/
Tá corrlach 13/2 ag The Brutalist, 25/1 ag A Complete Unknown, 40/1 ag Emilia Perz agus 50/1 ag Wicked.
Taobh thiar do na scannáin seo tá The Substance ar 66/1, Nickel Boys ar 80/1, Dune Part Two ar 80/1 agus I’m Still Here also ar 80/1.
D’oscail Féile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath oíche Déardaoin agus bhí Ralph Fiennes le feiceáil sa scannán The Return a bhí stiúrtha ag Uberto Pasolini.

Chuir stiúrthóir na féile Gráinne Humphreys fáilte roimh Fiennes. Dúirt sí: ‘Ba mhór an pléisiúr cuireadh a thabhairt do Ralph Fiennes teacht go Baile Átha Cliath lena scannán nua The Return a thaispeáint.
‘Rinne mé staidéar ar an léann clasaiceach mar mhac léinn – agus mar sin bhí mé ag fanacht ar scannán faoi Odysseus ag casadh lena bhean Penelope arís.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.