

Deich mbliana ó shin, roinn David Rawle an scáileán le Chris O’Dowd, ach admhaíonn an t-aisteoir ó Moone Boy nach n-aithnítear é rómhinic mar tá sé fásta.
Ach beidh Rawle agus O’Dowd le feiceáil arís le haghaidh dráma sé-pháirt Small Town, Big Story in éindí le Paddy Considine (ó House of the Dragon) agus Christina Hendrick (ó Mad Men).
In agallamh le Extra.ie, dúirt Rawle go bhfuil cosúlachtaí idir an dá sheó. ‘Tá siad suite i mbailte beaga, áit a bhfuil aithne ag gach duine ar a chéile agus lán le carachtairí móra,’ a dúirt sé.

Ach tá Rawle den tuairim áfach go bhfuil Small Town, Big Story difriúil. Ní bheidh sé féin agus O’Dowd ar an scáileán le chéile agus beidh sé le feiceáil in éindí le Considine a ghlacann ról a athair.
‘Bhí sé chomh difriúil. Bhí an greann difriúil. Bhí an scéal comh difriúil agus bhí an-chuid dráma istigh ann,’ a dúirt Rawle.
‘Deir Chris gur “col ceathrar cultúrtha” é le Moone Boy agus sílim go bhfuil se sin fíor.
‘Tá an-chuid greann agus croí istigh ach tá sé níos dírithe ar an saol mar atá sé inniu ach bhí Moone Boy ag breathnú siar ar am níos simplí.’
D’éirigh leis an aisteoir clú agus cáil a bhaint amach agus é ina dhéagóir ach ní thugtar faoi dearadh é mórán agus é 24 bliain d’aois anois.
Dúirt Rawle: ‘Tá sé greannmhar mar tá cuma difriúil orm. Daoine a bhfuil aithne acu orm, ní aithneoidh siad an gaol atá ann.
‘Ansin déarfadh daoine amanna: “Tá brón orm, i ndáiríre ní raibh clú agam go raibh tú mar chuid de Moonboy.’
Dúirt sé freisin: ‘Seo hiad na scéalta atá grá agam air agus a thugann inspioráid dom agus tá an t-ádh dearg orm gurb as áit dom ina bhfuil stair shaibhir ann maidir le údair, filí, aisteoirí agus stiúrthóirí.
‘Táimse ar bís a bheith páirteach i ngach rud atá ag tarlú sa réimse sin in Éirinn.
‘Nuair a léiríonn an saothar an chaoi a mhothaím, bíonn sé sin thar a bheith fiúntach, mar sin is maith liom a bheith ag obair in Éirinn.
‘Ba chuma liom faoi Hollywood i ndáiríre, ach tá fonn orm díriú isteach ar an rud atá grá agam air agus éirí níos fearr, sin an spreagadh atá agam faoi láthair,’ a deir Rawle.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.