

Nuair a rinne Síle Seoige an cinneadh athlonnú go hiarthar na hÉireann lena teaghlach óg cúpla bliain ó shin, bhí uirthi sciorta talún a cheannach i gConamara agus fanacht i dteach soghluaiste ar feadh tamaillín.
Sular bhog Síle ar ais go dtí an Spidéal, a baile dúchais féin, bhí cónaí uirthi agus a fear Damian i dteach leathscoite trí sheomra i Leamhcán (Lucan) in Iarthar Bhleá Cliath.

Ach anois nuair a sheasann Síle ina cistin aoibhinn, nua-aimseartha ina teach aislingeach agus radhairc áille na mara mórthimpeall uirthi, is féidir léi osna a ligeann le faoiseamh.
Tá an láithreoir teilifíse agus a fear céile tar éis teach ársa cúig sheomra a thógáil sa Spidéal agus i ndiaidh na hoibre crua tá sé in am é a thaispeáint do chách.
Tá an teach 30,000 troigh chearnach suite díreach in aice leis an trá agus tá oifig, cistin, seomra suí, seomra fóntais (utility room) agus garraí mór millteach ann.

Glacann an dearadh taobh istigh le téama na trá agus cuireann na dathanna neodracha agus na hábhair nádúrtha spás oscailte an tí in iúl.
Sa chistin, áit a bhfuil radhairc ghalánta den chósta, tá cuntair mharmaracha agus sconnaí órga. Tá an t-oileán cistine (kitchen island) maisithe le saothair chaoladóireachta agus plandaí glasa nádúrtha.
Freisin, tá áirsí móra adhmaid ann agus clúid chaife faoi, áit fhoirfe le haghaidh meaisín espresso agus cupáin.

Gné amháin de theach Shíle a spreagann éad ná an pantrach glas (green pantry) atá taobh thiar de dhoirse dúbailte. Tá an spás lán le cófraí glasa, crúscaí gloine agus cléibh le rudaí a stóráil.
Tá bord mór na cistine lonnaithe ar ruga éadroim donn. Tá an chistin í féin ceangailte leis an seomra suí atá suite ar leibhéal níos ísle sa teach, áit a bhfuil toilg mhóra compordacha liatha.
Bíonn radhairc den fharraige go mór le feiceáil sa halla, áit a bhfuil fuinneoga móra le neart solais a ligeann isteach. Cuireann an staighre bán stíl nua-aimseartha an tí in iúl freisin.

Baineann an teach an-úsáid as téama an chósta agus bíonn maisiúchán farraige cosúil le sliogáin mhara le feiceáil timpeall na háite.
Tugadh cabhair di an teach álainn seo a dhearadh. D’fhostaigh Síle foireann ó Beach House Interiors le cuidiú léi an spás aislingeach a chruthú. Bhí an dearthóir Tiffany Jones i gceannas ar an tionscadal.

In agallamh leis an iris House and Home, thug Síle le fios cén chaoi gur éirigh léi bogadh go hiarthar na tíre in éindí lena beirt ghasúir óig, Clíodhna agus Cathal. Dúirt Síle, ‘Theastaigh uainn go dtógfaí faoin tuath iad, cosúil linne. Áfach an cheist a bhí againne ná “Cén áit?”’
Nuair a chonaic an lánúin go raibh sciorta talún á dhíol sa Spidéal, thug Síle le fios gur thapaigh siad an deis.
Thóg sé dhá bhliain orthu an obair thógála a chríochnú agus le linn an ama sin bhí uirthi féin agus a teaghlach fanacht i dteach soghluaiste ar an suíomh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.