

Caithfidh laoch peile na hÉireann James McClean cosaint ar leith a fháil ó lucht leanúna foréigneach atá ag iarraidh ionsaí a dhéanamh air toisc nach mbíonn poipín (poppy) á chaitheamh aige.
Déanann an poipín (poppy) ceiliúradh ar ról shaighdiúirí na Breataine i rith na staire agus bíonn go leor daoine in Éirinn in a aghaidh mar gheall ar sin.
Sa Bhreatain, áfach, i mí na Samhna, cuirtear brú ar dhaoine i súile an phobail, is cuma cén áit as a dtagann siad nó cén tuairim atá acu, poipín a chaitheamh.

Mhínigh McClean, as Doire, áit a bhfuil cuimhne fós ar ionsaithe Dhomhnach na Fola, an fáth nach gcaitheann sé ceann.
Mar sin féin, bíonn an lucht leanúna sa Bhreatain ag magadh faoi – agus anois ní mór é a chosaint mar gheall orthu.
Scríobh Sraith Shasana (Englsih League) chuig clubanna lena rá leo go mbeidh cúram speisialta de dhíth ar McClean, a imríonn anois do Wrexham i Sraith a hAon.
Nuair a bheidh sé ag fágáil na páirce nó á ionadú beidh air dul go díreach chuig an tollán (tunnel), in ionad an limistéir imeartha a fhágáil agus siúl timpeall go dtí an tollán.
Tá sé seo mar gheall ar roinnt ionsaithe nuair a chaith lucht leanúna rudaí air, rud a chuir i mbaol é.
D’ionsaigh lucht tacaíochta Birmingham McClean – a d’imir d’Éirinn 103 uair – an séasúr seo agus é ag siúl taobh thiar de cheann den chúl tar éis dó a bheith tarraingthe siar ón gcluiche.
Chaith tacadóir amháin cupán Bovril air. Rug sé air, áfach, agus lig sé air deoch a ghlacadh.
Sa teachtaireacht do na clubanna, dúirt Sraith Shasana go raibh McClean faoi réir coireanna fuatha agus cantaireachtaí ciníochais san am a chuaigh thart.
Ó tharla na heachtraí a tharla le déanaí áfach: ‘Tá sé aontaithe anois, nuair a bheidh ar McClean an pháirc imeartha a fhágáil, go n-imeoidh sé ar an mbealach is giorra i dtreo an tolláin.’
Sheas McClean, atá 35 bliain d’aois, amach ó imreoirí Wrexham le linn nóiméad ciúnais níos luaithe an mhí seo.
Dúirt sé go mbeadh sé dímheasúil ar na daoine a fuair bás le linn na dTrioblóidí sa Tuaisceart dá gcaithfí poipín.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.