

Is beag uair a bhíonn lucht leanúna Manchester United agus Learpholl ag canadh an amhráin céanna.
Ach d’fhéadfadh leagan nua d’amhrán clasaiceach Sheáin Ó Sé ‘An Poc Ar Buile’ dul i bhfeidhm ar an dá ghrúpa leanúna.
Ailliliú, le Man Ú, Learpholl too ach Pep ar buille.
Agus ag an am céanna tá lucht tacaíochta Manchester City ag smaoineamh ar cad atá imithe amú?
Agus tharla sé seo ar fad Dé Máirt i Sraith na Seaimpíní (Champions League) san Eoraip.

Díreach nuair a cheap muid go raibh Sraith na Seaimpíní ag éirí leadránach, d’athraigh gach rud.
Chaill Manchester City agus Real Madrid, an dá fhoireann is mó thar an séasúr seo go léir, Dé Máirt.
Shábháil bainisteoir nua Manchester United, Ruben Amorim, a dhícheall go deireanach ag Sporting Liospóin.
Beidh sé ag teacht go Old Trafford le bronntanas iontach dóibh. Ina gcluiche deireanach i gceannas ar Sporting Lisbon bhuaigh siad in aghaidh Manchester City, 4-1.

Ba é Xabi Alonso, iar-réalta pheile Learpholl, an bainisteoir a theastaigh ó gach lucht leanúna Learpholl tar éis Klopp.
Mar sin féin, oíche Mháirt, bhí áthas orthu buíochas a ghabháil leis as a bheith ina pheileadóir iontach dóibh – agus bhí faoiseamh orthu nach bhfuil sé mar bhainisteoir acu.
Nuair a shroich Alonso Anfield lena fhoireann Bayer Leverkusen, Dé Máirt, fuair sé fáilte mhór agus bhí áthas air.
Mar sin féin, don bhainisteoir a chailleann cluiche go hannamh, ní raibh oíche Mháirt go maith dó ag a iar-chlub.
Faoin am ar thosaigh lucht leanúna Learpholl ag canadh ag moladh Alonso ní raibh ach cúpla nóiméad de chluiche Shraith na Seaimpíní fágtha, agus bhí a fhoireann ag cailleadh 3-0.
Tháinig ceathrú cúl ina dhiaidh sin, Luis Diaz ag críochnú le ‘hat-trick’ in am breise.
Ní raibh ansin ach an tríú cailleadh a fhoireann i 69 cluiche i ngach comórtas ó thús an tséasúir seo caite.
Mar sin, in ainneoin moladh agus buíochas ó lucht leanúna Learpholl, labhair Alonso ar ‘mothú searbh (bitter feeling)’.
Is é an bainisteoir Arne Slot an laoch nua in Anfield.

Tar éis do Manchester City cluiche a chailleadh i gcoinne Sporting Lisbon, 4-1 i Sraith na Seaimpíní tráthnóna Dé Máirt, dúirt Bernardo Silva go raibh a fhoireann ‘in áit dhorcha’.
Níor aontaigh a bhainisteoir Pep Guardiola. Dúirt sé gur imir a fhoireann go han-mhaith, mar a rinne siad, ar ndóigh, nuair a cuireadh amach iad as Corn Carabao tar éis dóibh cailleadh in aghaidh Tottenham an tseachtain seo caite.
D’admhaigh Pep, áfach, nach raibh siad maith go leor chun an bua a fháil in aghaidh Bournemouth ag an deireadh seachtaine, agus go raibh siad ag streachailt in aghaidh Sporting Lisbon.
Le seachtain anuas, chaill Manchester City faoi thrí. Agus chaill siad go dona. Mar sin b’fhéidir go bhfuil Bernardo ceart, seans go bhfuil géarchéim sa chlub.
Agus chun cur leis an mearbhall sa pheil Eorpach, bhuaigh AC Milan in aghaidh Real Madrid, 3-1.
Sa pheil idirnáisiúnta, mar atá sa pholaitíocht idirnáisiúnta tar éis toghchán Trump, mairimid in amanna suimiúla.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.