

Daoine ar mhaith leo seacláid dhorcha agus fíon dearg, beidh áthas orthu a fháil amach go bhféadfaidís a riosca néaltrú (dementia) a laghdú.
Agus ní hé an Beaujolais agus Bournville amháin a choimeádfaidh d’intinn shláintiúil ón néaltrú, a d’aimsigh staidéar Éireannach.

Tá bianna eile saibhir i ‘flavonoids’, cosúil le sméara (berries) agus tae, agus is féidir leo néaltrú a choinneáil ar amach uainn freisin.
Tá sé tuairiscithe ag taighdeoirí in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste go bhféadfadh iontógáil bia agus dí a bhfuil neart flavonoids iontu cuidiú le laghdú 28% ar an mbaol go bhforbrófar (develop) néaltrú an tinneas doleigheasta (incurable).
Tá thart ar 64,000 duine in Éirinn ag maireachtáil le cineál néaltrú. Meastar go n-ardóidh an figiúr seo go 150,000 duine faoi 2045.
Cé go gcuireann aois agus géineolaíocht (genetics) go mór le forbairt an ghalair, dúirt na taighdeoirí i mBéal Feirste go bhfuil fianaise léirithe go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag bia ar fachtóirí riosca chun cosc a chur air.
Dúirt an staidéar go bhfuil raon buntáistí sláinte ag ‘flavonoids’, a fhaightear go príomha i mbianna plandaí, ní hamháin chun néaltrú a sheachaint.
Áirítear lena buntáistí sláinte sin airíonna frithocsaídeirrí (antioxidants), frith-athlastacha (anti-inflammatory) agus frith-ailse (anti-cancer).
Bhí an staidéar ar néaltrú, a foilsíodh in JAMA Network Open, faoi stiúir an Ollaimh Aedin Cassidy as Comh-Ionad do Chórais Bia Inbhuanaithe (Co-Centre for Sustainable Food Systems) agus an Institiúid um Shlándáil Bia Domhanda (Institute for Global Food Security) in Ollscoil na Banríona.
Dúirt comhúdar an staidéir, an Dr Amy Jennings, ó Scoil na nEolaíochtaí Bitheolaíochta (School of Biological Sciences) in n Ollscoil Banríona, go dtugann torthaí teachtaireacht shoiléir dúinn, agus is é sin: ‘D’fhéadfadh beart simplí mar mhéadú laethúil ar glacadh le bia a bhfuil go leor ‘flavonoid’ ann, riosca néaltraithe a laghdú, go háirithe i ndaonraí atá i mbaol ard.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.