

Tá ciorruithe cánach ag teacht de réir phleananna Buiséid an Rialtais, agus léiríonn an phobalbhreith is déanaí gur féidir le Fianna Fáil agus Fine Gael teacht ar ais i gcumhacht le tacaíocht ó roinnt Teachtaí Dála Neamhspleácha.
Léiríonn pobalbhreith nua MoS/Amárach go dteastaíonn ó cheathrar as 10 bhfreagróir (43%) comhrialtas faoi cheannas Fhianna Fáil/ Fhine Gael tar éis an chéad olltoghcháin eile – ardú ó 14% i bpobalbhreith inchomparáide i mí Feabhra.

Níl ach duine as gach ceathrar, nó 26%, i bhfabhar ‘comhrialtas ar chlé’ faoi cheannas Shinn Féin, agus tá níos lú ná leath den líon sin (12%) ag tacú le rialtas Fhianna Fáil/Sinn Féin.
Mar sin féin, cé go mbeidh go leor ag ceiliúradh an Bhuiséid bronntanais atá le teacht, ní féidir linn méaduithe cánach a sheachaint sa todhchaí, dar le Gobharnóir an Bhainc Ceannais.
Agus tá an rud céanna ráite ag an gCoimisiún um Chánachas. Go deimhin, dúirt siad é leis an Rialtas dhá bhliain ó shin.
Ina litir réamhbhuiséid bhliantúil chuig an Aire Airgeadais Jack Chambers, dúirt Gabriel Makhlouf go bhfuil méadú ar an éileamh ar airgeadas poiblí agus go gcaithfear íoc astu.
Dúirt sé freisin go bhfuil éiginnteacht ann faoin méid cánach corparáide a gheobhaidh an Státchiste – mar sin beidh ar an gcuid eile againn an t-airgead sin a íoc.
Go deimhin, in ainneoin pleananna an Rialtais caiteachas a mhéadú agus ciorruithe cánach a thabhairt isteach ag an am céanna, ní rud nua iad moltaí an Uasail Makhlouf.
Cuireadh chun cinn iad mar bhealach chun a chinntiú go bhfuil airgeadas an stáit in ord dhá bhliain ó shin sa tuarascáil ón gCoimisiún um Chánachas i 2022.

Méadú ar íocaíochtaí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (PRSI);
Méadú ar cháin oidhreachta (inheritance tax);
Táillí ar phlódú tráchta (congestion charges);
Agus cáin ar bhianna próiseáilte míshláintiúla.
Cé go bhfuil an chuma ar na moltaí sin, don chuid is mó, go bhfuil i gceist leo ná cánacha ar ghníomhaíochtaí míshláintiúla agus airgead neamhthuillte (unearned money) ní raibh suim ag an gComhrialtas iontu.
Dúirt Leo Varadkar, a bhí ina Thaoiseach ag an am, go raibh siad: ‘As forógra (manifesto) Shinn Féin.’
Agus in ionad comhairle ghobharnóir an Bhainc Ceannais agus an Choimisiúin um Chánachas a leanúint, is cosúil go bhfuil an Rialtas ag déanamh a mhalairt.
Tuairiscíodh le déanaí go bhfuil sé beartaithe ag Fine Gael agus Fianna Fáil an tairseach cáin oidhreachta a ardú go €700,000, ón €335,000 reatha. Íocfar cáin ina dhiaidh sin.

Dúirt an tUasal Makhlouf, áfach, nach féidir moltaí an Choimisiúin um Chánachas a sheachaint mar gheall ar an éileamh méadaitheach ar chaiteachas an Rialtais.
Dúirt sé freisin gur cheart don Aire Airgeadais Jack Chambers cloí le riail chaiteachais 5% an Rialtais.
Thug an Comhrialtas isteach an riail i 2021, a deir nach sáródh méaduithe ar chaiteachas an Státchiste 5% gach bliain gan cánacha nua.
Níor chloígh an Rialtas leis an riail in aon Bhuiséad ó tugadh isteach é, áfach.
Mar sin is í an cheist atá ann anois ná, má tá níos mó caiteachais le bheith sa Bhuiséad seo agus níos mó ciorruithe cánach freisin – agus ní féidir linn arduithe cánach a sheachaint, cad a bheidh in ann dúinn sa chéad chúpla Buiséad eile?
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.