Fearg faoi alt Forbes ar Nicola Coughlan agus ‘mixed weight romance’ in Bridgerton

04/07/2024

Tá cáil (agus conspóideach) ar Nicola Coughlan as a cuid aisteoireacht agus gníomhartha leis an Phalaistíne agus le Kim Kardashian – ach arís tá sí ag déileáil le claontacht faoi mheáchan (weight)

Tá cáineadh déanta ar an iris Forbes ar phíosa tuairime faoi Nicola Coughlan i Bridgerton, agus í i ‘mixed weight romance’.

Dúirt an t-alt nach bhfuil daoine ‘réidh fós’ chun beirt i ‘mixed weight romance’ a fheiceáil ar an scáileán cé go bhfuil an-tóír ar Bridgerton.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Dúirt an píosa, le Virgie Tovar, gur dhírigh ‘saineolaí ar chlaonadh meáchain’ ar an ngaol idir na carachtair Penelope Featherington agus Colin Bridgerton – siad sin na haisteoirí Coughlan, atá 37, agus Luke Newton, atá 31.

Nicola Coughlan agus  Luke Newton
Nicola Coughlan agus Luke Newton

Dúirt Tovar, 42, faoin gcaidreamh ar an scáileán: ‘It defied romance plotline convention’, mar is cosúil go bhfuil Ms Coughlan ‘níos mó’ ná Newton.

Ach spreag úsáid Tovar as an bhfrása ‘mixed weight romance’, agus í ag caint faoi Coughlan, cáineadh ó léitheoirí.

Cheistigh go leor daoine, cén fáth ar ghá aird a thabhairt ar a meáchan.

Chuaigh lucht leanúna Coughlan chuig X, chun an scríbhneoir agus an foilseachán Forbes a cháineadh.

D’fhiafraigh roinnt daoine cén fáth ar úsáideadh an lánúin atá chun tosaigh ag Bridgerton mar shampla de ‘mixed-weight romance’.

D’fhiafraigh duine amháin, cén fáth nár scríobhadh ailt ar bith faoi fhir mhóra ag dul amach le mná níos lú i seónna agus scannáin.

‘What the f*** is a mixed weight relationship?’ a d’fhiafraigh an t-úsáideoir.

Nicola i Bridgerton
Nicola i Bridgerton

Agus spreag Coughlan sraith alt amhrasach faoina ról sa tsraith iomráiteach.

Bhí alt sa Guardian ag rá go raibh sí ‘a little bit fat and a lot hot’,  agus de réir alt sa Spectator, ‘she is not hot’.

Dúirt siad freisin nach bhfuil scéal faoi ‘chailín saille a fhaigheann an prionsa’ inchreidte, agus iad ag scríóbh faoi ról Coughlan.

Chuir sé sin fearg freisin ar lucht leanúna na sraithe teilifíse atá an-tóir air.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram