

Tá daoine ag caint faoi ‘Jivetime’ cheana féin mar cheap siad go raibh Brain Redmond ag magadh agus é ag caint faoi féin mar ‘an Joe Duffy nua’.
D’ainmnigh Redmond, an breitheamh ar Dancing With the Stars, é féin mar an ‘Joe Duffy nua’ i measc na tuairimíochta faoi Joe Duffy ag éirí as Liveline.

Tá Joe ag obair le RTÉ ó 1989, tar éis dó tosú amach mar léiritheoir agus téann a chonradh (contract) reatha in éag in 2025.
Bhí tuairiscí níos luaithe sa mhí ag rá go mbeidh sé ag fágáil RTÉ, agus dúirt an Ard-Stiúrthóir Kevin Bakhurst go bhfuil sé ‘ráite ag Joe’ nach bhfuil sé ag lorg conradh nua nuair a bheidh an conradh críochnaithe aige’.
Má éiríonn Joe as Liveline ceaptar anois gurb é Redmond an duine ceart le teacht ina áit.
Cosúil le Joe, tá cáil ar Redmond as a mheon féin a nocht i gcónaí agus tá scileanna aige ag obair i raidió freisin – agus é ag óstáil seó raidió trí huaire an chloig ar KCLR ó Luan go hAoine.

‘Agus mé beagáinín “bigheaded”, sílim gur ardú meitéarach (meteoric ríse) a bhí ann ag dul ó bheagán obair ag an deireadh seachtaine go dtí príomhsheó cainte na maidine,’ a dúirt sé.
‘Is mise Joe Duffy nua le beagán de Claire Byrne nuair is mian liom a bheith,’ a dúirt Redmond leis an Irish Sun.
Dúirt sé: ‘Is onóir é a bheith ar an raidió áit ar bith ach bheadh brú breise ag baint le bheith in ann craoladh do lucht éisteachta náisiúnta.’
Thagair Joe dá ról féin le déanaí agus é ag caint le duine ar Liveline. Dúirt an fear leis na héisteoirí gur taispeánadh an doras dó agus nach raibh fáilte roimhe i bpictiúrlann Savoy, i mBaile Átha Cliath, toisc nach raibh aige ach airgead tirim (cash).
Mar fhreagra, dúirt Joe: ‘Sin frása iontach, Noel. Tá scéal i gcúig pháipéar ag rá go dtaispeánfar an doras dom i mí an Mheithimh (June) dhá mhí dhéag. Ach sin an chéad uair a chuala mise faoi.

‘Agus deir RTÉ nach bhfuil conradh nua ag teastáil uaim, sin an chéad uair a chuala mé faoi sin freisin,’ a dúirt sé.
Ina dhiaidh sin, ghlaoigh bean isteach ag rá go bhfuil súil aici nach bhfuil Joe ‘ag dul aon áit’, rud a d’fhág go ndearna Joe iarracht an t-ábhar a athrú.
Ach dúirt sé: ‘Níor chuala mé riamh trácht ar aon duine ag caint faoina chonradh bliain go leith sula mbíonn sé suas, nó cinneadh a dhéanamh… Anois ní féidir liom cead a thabhairt duit labhairt fúm ar mo chlár,’ a dúirt sé magadh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.