

Fuair Moya Brennan, príomhamhránaí agus cláirseoir an banna ceoil Clannad, bás suaimhneach Dé Luain ag aois 73. Bhí tionchar mór aici ar cheol na Gaeilge.
Deirtear gur thug Clannad an Gaeilge don domhan ar fad sa bhliain 1982, nuair a chum siad an t-amhrán cumhachtach Harry’s Game don tsraith den ainm céanna.
Rugadh Moya i 1952 i mBaile Átha Cliath, ach tógadh sí i nGaeltacht Gaoth Dobair, Dhún na Gall. Ba í an duine ba shine de naonúr clainne, an t-amhránaí Enya ina measc.

Agus Moya agus a gcuid siblíní ag fás aníos, bhíodar timpeallaithe ag ceol. Bhí a máthair Máire ina múinteoir ceoil, agus bhí a athair Leo sa bhanna ceoil the Slieve Foy Showband.
Thosnaigh Moya agus a gcuid siblíní, Pól agus Ciarán, ag seinm sa teach tábhairne teaghlaigh, Tábhairne Leo, i Mín na Leice (Meenalecky), lena n-uncailí Noel agus Pádraig Ó Dúgáin (an bheirt acu atá imithe ar shlí na fírinne ó shin).
Thaifead Moya níos mó na 30 albam, mar bhall de Clannad agus mar haonréadaí. Bhuadar Grammy, Emmy, agus BAFTA. Bronnadh Saoirse na Contae ar Clannad i 2014.
Ar maidin Dé Luain, bhí stáisiúin raidió lán le hómós do Mhoya, agus cuid mhaith dá cairde is gaire ag cur síos uirthi mar dhuine síochánta, spioradálta agus lán le craic.
Chuireadar draíocht ina gcuid ceoil. Agus Daniel O’ Donnell ag labhairt fúithi ar Newstalk agus Oliver Callan maidin Dé Máirt, dúirt sé gur bhraith sé gur fhás a gcuid ceoil as an talamh.
Chreid sé go raibh a croí istigh i nDún na Gall, a bhí lán le suaimhneas.

Rinne Clannad a ceolchoirm dheireanach sa Royal Albert Hall i Londain i 2024. Thángadar thar n-ais le chéile, áfach, ar feadh oíche amháin i 2025 i dTábhairne Leo chun airgead a bhailiú ar son Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na Gall.
Rinne an ceoltóir ceol tíre agus léiritheoir Donal Lunny cur síos ar a gcuid oibre ar an dara halbam de chuid Clannad mar phribhléid, agus é ag déanamh machnamh ar Mhoya ar Oliver Callan.
Tiomnaíodh Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta di an mhaidin i ndiaidh a báis. Roinn Mary Uí Chomhaill, bainisteoir Ionad Phobail Gaoth Dobhair, agus cara de chuid Moya scéal fúithi. Luaigh sí go ndúirt Moya léi le déanaí go mbeadh sí i gcónaí ina sheasamh leo.
Chuir guth Moya tost ar an intinn. Nuair a éistim féin le lena gcuid ceoil, cuireann sé teach tábhairne beag Gaeltachta i gcuimhne dom.
Nuair atá tú ag iarraidh imeacht, ach ní féidir leat ansin mar cloiseann tú an ‘sssshhhhhh’. Caithfidh tú fanacht agus éisteacht leis an chéad amhránaí.
Ní fiú an fanacht iad go minic, ach uaireanta cloiseann tú duine éigin, a stopann tú i do rianta. Tá tú faoi dhraíocht, agus ní féidir leat bogadh. Bhí an tionchar sin ag ceol Moya ar muintir na hÉireann.
Tar éis di a bheith ina cónaí i mBaile Átha Cliath ar feadh na mblianta, rinne sí cinneadh agus í ag dul anonn in aois bogadh thar n-ais go Gaoth Dobhair lena fear céile Tim Jarvis. Le linn a seachtaine deiridh, bhí sí timpeallaithe ag a teaghlach agus a cairde.
Beidh Moya á tórramh ina teach Dé Céadaoin agus Déardaoin ó 1pm go 8pm. Déarfar paidreacha gach oíche ag 8pm.
Beidh Aifreann an Tórraimh ar siúl Dé hAoine, ag 2pm i dTeach Pobail Phádraig Mín Uí Bhaoill, agus ina dhiaidh sin cuirfear í i Reilig Mhachaire Gathlán, Gaoth Dobhair.
Beidh an tAifreann sochraide á shruthú beo ar leathanach Facebook Kieran Roarty Funeral Director, agus ar cheamara gréasáin na hEaglaise trí MCN Media.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.