

Cuireann seó quiz nua TG4, Slé Anois go Cúramach, athrú ó bhonn ar an gcaoi a dtugann daoine óga – agus an pobal Gaeilge i gcoitinne – aghaidh ar an nGaeilge.
Sraith quiz bharrúil agus oideachais is ea Slé Anois go Cúramach a ghluaiseann ar aghaidh go sciobtha agus a bhfuil dánacht ag baint léi.
Déantar dhá smaoineamh shimplí a chruthú sa tsraith seo: go bhfuil iarracht a dhéanamh i bhfad níos tábhachtaí ná foirfeacht, agus go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge agat ná mar a cheapfá!

Thosaigh Slé Anois go Cúramach ag craoladh an Máirt seo caite. Beidh sé á chraoladh ar TG4 gach Máirt ó 7.30–8pm ar feadh 10 seachtaine.
Tá meascán de shiamsaíocht agus d’fhoghlaim na teanga i gceist leis an tsraith seo agus tá suim sa seó seo ag déagóirí, teaghlaigh agus aon duine a bhfuil spéis acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Macalla Teoranta a chruthaigh an fhormáid bhunaidh don tsrath Slé Anois go Cúramach do TG4.
Is ar scoláirí a labhraíonn Béarla agus atá sa tSraith Shóisearach, go príomha, atá an tsraith seo dírithe.
Cruthaítear spás bríomhar ina bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus déantar ceiliúradh ar an méid Gaeilge atá acu, seachas drochbhreith a thabhairt orthu.
Cé go mbíonn brú ag baint le teanga a fhoghlaim go hiondúil, féachtar sa tsraith seo leis an ngreann, clisteacht agus misneach a thabhairt chun cinn ina áit. Is clár fíorluachmhar ó thaobh an oideachais a bheidh ann ag an am céanna.
Rachaidh dhá scoil in iomaíocht lena chéile i ngach clár i sraith de chúig bhabhta bhríomhara sa stiúideo. Déanfar a gcuid scileanna éisteachta, a stór focal, an t-eolas atá acu ar chúrsaí cultúir agus ar a seiftiúlacht a scrúdú.
Cruthaíodh an tsraith seo go sonrach chun go mbeadh an lucht féachana sa bhaile agus sa scoil in ann páirt a ghlacadh sa spraoi. Is sraith é seo atá oiriúnach do ghrúpaí éagsúla, ó ghlúnta éagsúla, chomh maith le bheith ina hacmhainn oideachais sa seomra ranga.

Tá Gaeilge ag gach duine: is é sin bun agus barr na sraithe. Ní gá a bheith líofa, ní theastaíonn uait ach beagán misnigh. Tá fáilte roimh Ghaeilge bhriste, cuirtear gáire chun cinn agus cúitítear do rannpháirtíocht leat i gcónaí.
Is í Síomha Ní Ruairc, duine mór le rá i ndomhan na craoltóireachta Gaeilge, a chuirfidh an clár i láthair. Is i nGaillimh a rugadh Síomha agus is i Leamhcán (Lucan) i mBaile Átha Cliath a tógadh í.
Labhair sí Gaeilge sa bhaile agus í ag fás aníos agus rinne sí staidéar ar an nGaeilge agus ar an gceol in Ollscoil Mhá Nuad.
Tá Síomha ag obair le Conradh na Gaeilge agus tá páirt glactha aici in go leor clár de chuid TG4. Cuireann sí féin, Louise Cantillon agus Doireann Ní Ghlacáin an podchraoladh ‘How to Gael’, a bhfuil an-tóir air, i láthair.
Is duine cairdiúil, meabhrach, spreagúil í a chruthaíonn atmaisféar bríomhar sa stiúideo. Tá an-spéis aici misneach a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a labhairt.
Agus í ag labhairt faoin tsraith dúirt Síomha: ‘Tá sé iontach tábhachtach domsa go léirítear an Ghaeilge i ngnáthshuíomhanna an tsaoil – agus cad é seó quiz mar shuíomh!
‘Tugann Slé deis do na scoláirí idirghníomhú leis an teanga ar bhealach spraíúil agus taitneamhach – agus tugann sé deis domsa freisin a bheith rud beag dána leis!’

Nascann Slé Anois go Cúramach an chraic a bhaineann le seó quiz le foghlaim oideachasúil na Gaeilge ar bhealach nach bhfuil déanta go dtí seo.
Oibríonn Macalla Teoranta, na léiritheoirí, le comhairleoirí teanga a bhfuil a lán taithí acu, chomh maith le comhairleoir oideolaíochta cruthaithí, agus le foireann acadúil chun a chinntiú go gcloítear le Creat Foghlama na Sraithe Sóisearaí.
Cinntíonn siad freisin go bhfuil an Ghaeilge sa chlár ar ardchaighdeán, go n-airíonn na hiomaitheoirí ar a suaimhneas agus go gcruthaítear atmaisféar ina bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh.
Tá ábhar an chláir ag teacht le leibhéil A2–B1 CTET, rud a chiallaíonn go bhfuil sé feiliúnach d’fhoghlaimeoirí sa tSraith Shóisearach ach go háirithe.

Craolfar Slé Anois go Cúramach gach Máirt ag 7.30in ar TG4 ar feadh 9 seachtain eile agus athchraolfar é gach Domhnach ag 11.45rn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.