Béaltriail: Bí réidh don scrúdú, tá an t-eolas agat

26/03/2026

Smaoinigh ar an scrúdú mar dheis chun do Ghaeilge a thaispeáint don Scrúdaitheoir atá go hiomlán ar do thaobh

Tosóidh an Bhéaltriail, sé sin scrúdú béil Gaeilge amárach agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Déardaoin, mar sin tá sé rómhall le tosú ag staidéar – ach tá neart ama ann le hullmhú.

Is fiú 40% de do ghrád iomlán é, is cuma má dhéanann tú an gnáthleibhéal nó an t-ardleibhéal. Is é an rud is tábhachtaí ná fanacht socair, agus an oiread focal agus frásaí Gaeilge agus is féidir a úsáid.

Ar ndóigh, is comhairle éasca í sin le tabhairt; tá sé i bhfad níos deacra glacadh léi nuair atá tú neirbhíseach; ach cuimhnigh go bhfuil an scrúdaitheoir ann chun cabhrú leat tú féin a chur in iúl chomh maith agus is féidir leat.

Ní hamháin chun do scileanna labhartha a thástáil atá an scrúdú seo, baineann sé le héisteacht freisin.
Ní hamháin chun do scileanna labhartha a thástáil atá an scrúdú seo, baineann sé le héisteacht freisin.

Déanfar measúnú ort le dhá chatagóir: Cumarsáid na Gaeilge agus Cruinneas na Gaeilge. Is ea atá i gceist le Cumarsáid na Gaeilge ná do chumas labhartha agus a bheith intuigthe i nGaeilge, mar sin má tá tú fós ag streachailt leis an Modh Coinníollach, nó leis an Tuiseal Ginideach tá tú fós in ann go leor pointí a fháil.

Baineann Cruinneas na Gaeilge le fáil amach cé chomh maith is atá tú leis an ngramadach. Smaoinigh ar seo mar na pointí bónais; agus ná smaoinigh air mar scrúdú, is bealach é chun an t-eolas atá foghlamtha agat thar na blianta a thaispeáint.

Dá mhéad is atá tú ar do shuaimhneas agus dá mhéad is atá tú dírithe ar a bhfuil an scrúdaitheoir ag iarraidh a chloisteáil, is ea is fusa a bheidh sé. Cuimhnigh freisin gur scrúdú gearr é: níl ann ach 15 nóiméad ar fad agus níl aon deifir air, mar sin glac do chuid ama.

Seo treoir shimplí chun cabhrú leat fanacht dírithe agus suaimhneach – agus cuimhnigh, ní naimhde iad na scrúdaitheoirí; ba mhaith leo go n-éireodh go maith leat sa scrúdú.

Tá ceithre chatagóir sa scrúdú agus seo roinnt leideanna chun cabhrú leat. Tá 600 marc ar fáil don scrúdú Gaeilge iomlán agus tá 240 díobh sin don scrúdú Béaltrialach.

1. Fáiltiú: 5 Mharc – thart ar nóiméad amháin

Níl anseo ach an réamhrá ina n-iarrfar d’ainm agus do sheoladh agus d’uimhir scrúduithe ort. Cleachtaigh iad seo roimh ré. Níl ann ach cúpla marc ach is bealach iontach é chun do mhuinín a threisiú agus cabhrú leat suaimhneas a fháil.

2. Léamh na Filíochta: 35 marc – thart ar dhá nóiméad

Tá an chuid seo den fhilíocht níos tábhachtaí ná na freagraí scríofa sna scrúduithe níos déanaí. Tá cúig dhán ghearra ann ach ní bheidh ort ach ceann amháin acu a léamh os ard.

Déanfaidh an scrúdú seo seiceáil ar d’fhuaimniú, do rithim agus do chompord le Gaeilge labhartha. Beidh siad ag iarraidh a fháil amach go dtuigeann tú an méid atá á léamh agat.

Is é atá uait ná cleachtadh, agus neart de. Léigh iad arís agus arís eile roimh ré. Is féidir leat an dán a léamh ó do chóip féin, agus focail dheacra scríofa amach agat mar a chloiseann tú iad. Is dánta gearra iad agus beidh neart ama agat a thaispeáint go dtuigeann tú an méid atá á léamh agat.

3. Comhrá: 120 marc – thart ar ocht nóiméad 

Seo príomhchuid an scrúdaithe, leis an líon is airde marcanna.

Labhróidh an scrúdaitheoir leat faoi ábhair laethúla ar nós an teaghlaigh, saol na scoile, caitheamh aimsire, pleananna don todhchaí agus do cheantar áitiúil. Labhair go nádúrtha agus go muiníneach. Is dócha go mbeidh roinnt frásaí maithe múinte ag do mhúinteoir duit. Cleachtaigh iad sula dtéann tú isteach agus déan gach iarracht iad a úsáid.

Ní hamháin chun do scileanna labhartha a thástáil atá an scrúdú seo, baineann sé le héisteacht freisin.

Éist go cúramach leis an scrúdaitheoir, déan cinnte go bhfuil a
fhios agat cad atá á iarraidh orthu ort agus ná freagair róthapa.

B’fhéidir go gcuirfí ceist ort faoi eachtra reatha a bhfuil go leor eolais agat air, ach nach bhfuil tú cinnte an féidir leat é sin a chur in iúl i nGaeilge. Tá sé sin ceart go leor. Is féidir leat a rá nach bhfuil aon eolas agat faoin ábhar.

Ní chaillfidh tú marcanna mar ní scrúdú cúrsaí reatha é seo.

Ach bain úsáid as an deis chun rud éigin a lua a bhfuil tú compordach leis; agus ansin lean ort ag caint. Ba mhaith leis an scrúdaitheoir tú a chloisteáil ag labhairt Gaeilge go maith, sin an rud is tábhachtaí.

4. Sraith Pictiúr: 80 marc – thart ar cheithre nóiméad

Seo an chatagóir leis an dara líon is airde marcanna ach tá sé gearr go leor. Caithfidh tú scéal a insint ó shraith de 10 bpictiúr as 20 a chuirtear ar fáil. Ar dtús, cuirfidh tú trí cheist ar an Scrúdaitheoir, mar sin ullmhaigh roinnt ceisteanna ginearálta. Ina dhiaidh sin míneoidh tú cad atá ag tarlú agus freagróidh tú ceisteanna faoin scéal a insíonn na pictiúir. Déanann sé seo tástáil ar stór focal, ar chumas scéalaíochta agus ar chruinneas.

Cuidíonn sé go mór duit má tá a fhios agat na focail a bhaineann le gníomhartha agus mothúcháin choitianta.

Ag dul i ngleic leis an scrúdú

Tá sé ríthábhachtach fanacht socair, labhairt go soiléir, agus a bheith ullamh le go n-éireoidh go maith leat. Níl an scrúdú ceaptha chun cleas a imirt ort; ba mhaith le scrúdaitheoirí cumarsáid mhaith a chloisteáil. Ba chóir duit smaoineamh ar an scrúdú mar chomhrá struchtúrtha. Ní tástáil í chun tú a chur i sáinn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram