

Tá an t-aisteoir Hollywood, Ben Stiller, tar éis dul amach ón aisteoireacht chun dul isteach i saol iomaíoch an bhia agus na ndeochanna, agus líne nua deochanna boga á seoladh aige darb ainm Stiller’s Soda.
Bhí Ben Stiller, réalta Zoolander agus Night at the Museum, amuigh i Nua-Eabhrac ag cur a dheochanna nua neamhalcólacha súilíneacha chun cinn, a bhfuil a bpacáistiú ag mealladh mothú seanré, cumhach.

Nocht an stiúrthóir, a bhuaigh Emmy, trí bhlas éagsúla de na deochanna nua: beoir fhréimhe (root beer), líomóid-aoil, agus ceann eile darb ainm Shirley Temple.
Bhí Stiller ag dáileadh samplaí saor in aisce i siopa i Nua-Eabhrac nuair a d’aithin siopadóirí é agus d’fhiafraigh siad de an raibh sé i ndáiríre Ben Stiller.
Shéan an réalta Hollywood é, ag rá go greannmhar gurbh é Patrick Flanagan as Éirinn é agus nach raibh sé ann ach chun an deoch shóide a dhoirteadh.
Tá súil ag Stiller’s Soda bearna sa mhargadh a líonadh agus tá siad ag iarraidh ‘sóid clasaiceach’ cosúil leo siúd a bhí ar fáil sna 1950idí agus sna 1960idí a thabhairt chuig an saol nua-aimseartha.
Tá na deochanna íseal i siúcra agus i gcalraí, agus 30 calraí agus 7 ngram siúcra i ngach canna, ach níl siad á margaíocht mar roghanna sláintiúla.

Ag cur a shóide féin chun cinn i siopa Whole Foods sna Stáit Aontaithe, ghlac an t-aisteoir pearsa Patrick Flanagan as Éirinn agus shéan sé do shluaite lucht leanúna gur sár-réalta Hollywood a bhí ann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.