

Le Muintearas ’26, rinne an tUachtarán Catherine Connolly ceiliúradh ar fhís na ndaltaí don todhchaí, ag taispeántas náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, an tseachtain seo caite.

Bhí sé á óstáil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ), ag ceiliúradh náisiúnta ar Ghuth an Scoláire i scoileanna lán-Ghaeilge san earnáil BOOÉ, Dé Máirt an 3 Márta.
Thug an ócáid, a tionóladh in Óstán Chonnacht, Gaillimh, agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil, scoláirí agus múinteoirí le chéile faoin téama: ‘Ar bhFís don Todhchaí: Ceiliúradh ar Ghuta an Scoláire I scoileanna lán-Ghaeilge na mBord Oideachais agus Oiliúna.’
Cuireann Muintearas ’26 ardán náisiúnta ar fáil do scoileanna BOO trí mheán na Gaeilge chun a ndóchas agus a n-uaillmhianta comhchoiteanna don todhchaí a chur in iúl – go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Ba é buaicphointe an lá ná an Comórtas Póstaer, áit ar léirigh gach scoil rannpháirteach fís a scoláirí d’Éirinn an lae amárach.
Le Muintearas ’26, bhí réimse téamaí i gceist ó ghníomhaíocht aeráide agus nuálaíocht theicneolaíoch go sláinte mheabhrach, comhionannas, cuimsiú agus fás leanúnach na Gaeilge sa tsochaí nua-aimseartha. Léirigh an chruthaitheacht, an léargas agus doimhneacht na smaointeoireachta a bhí ar taispeáint glúin atá an-tógtha le hathrú dearfach a mhúnlú.

Thug Comórtas Cur i Láthair na Scoileanna ag Muintearas ’26 deis do dhaltaí saincheisteanna tábhachtacha a iniúchadh níos doimhne fós. Trí chur i láthair muiníneach agus mealltach, rinne na daltaí scrúdú ar na dúshláin atá roimh a bpobail agus mhol siad réitigh réamhbhreathnaitheacha.
Bhronn Uachtarán Connolly na duaiseanna a bhain le Muintearas ’26 ar na scoileanna rannpháirteacha agus labhair sí go fonnmhar leis na scoláirí le linn an lae.

Dúirt sí: ‘Tugann sé misneach agus dóchas dom, mar Uachtarán na hÉireann, go bhfuil sé soiléir go dtuigeann na daoine óga chomh tábhachtach is atá sé meas a bheith mar bhunús d’aon idirghníomhaíocht daonna, go mbeadh muid ábalta glacadh go measúil le cúlraí agus féiniúlachtaí éagsúla, agus gurbh ón mbunchloch sin a fhásfaidh sochaí chneasta chineálta na todhchaí.’
Léirigh Gean Gilger, Comhordaitheoir Mhuintearas ’26, tionchar na hócáide, ag rá: ‘Léiríodh inniu an cumas urghnách atá ag daoine óga smaoineamh go criticiúil agus go comhbhách faoin domhan mórthimpeall orthu.
‘Thug Muintearas ’26 deis chumhachtach do scoláirí plé bríoch a dhéanamh ar shaincheisteanna atá gar dá gcroí, trí mheán na Gaeilge, agus le muinín.

‘Nuair a thuigeann scoláirí go bhfuil éisteacht á thabhairt dá gcuid smaointe ar leibhéal náisiúnta, neartaíonn sé ní hamháin a gcreideamh iontu féin, ach a gcreideamh i luach a dteanga agus a n-oideachais freisin. Bhí an fuinneamh sa seomra inniu spreagúil.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.