

Dúirt John Grimes, leath de Jedward, go bhfuil sé chun dul ina aonar den chéad uair agus go mbeidh sé le feiceáil ar an tsraith rómánsaíochta réaltachta, Celebrity Ex On The Beach.
Tá John Grimes cláraithe don seó Paramount+, a chraolfar ón 31 Márta.

Tá John as Leamhcán (Lucan) i mBaile Átha Cliath, a tháinig chun cinn sa séú sraith de The X Factor i 2009 lena dheartháir Edward, ag teacht le réalta Corrie, Helen Flanagan, Dani Imbert ó TOWIE agus Toby Aromolaran ó Love Island.
Beidh siad ag dul go dtí Tenerife sa tóir ar an ngrá ach tá a n-iar-leannáin ag fanacht sna sciatháin réidh le dul i ngleic leis an gcóisir.

Déanann John, 34, cur síos air féin mar ‘fear breá iomlán’ agus tá sé ag lorg bean cuartha, féinmhuiníneach a mheaitseálann a ‘vibe’.

Tá Toby Aromolaran, ar a deirtear is fearr é a aithne as a thréimhse ar Love Island agus a fhréamhacha i Maigh Eo, ag iarraidh ‘an duine ceart’ a aimsiú ar an seó.

Tá cineál ar leith i gceist ag Amy Kenyon, 28 bliain d’aois, a bhí le feiceáil ar Married at First Sight UK, agus í ag lorg fear ard mealltach le féasóg agus líne géill láidir (strong jawline).
Tá Chase DeMoor, 29 bliain d’aois, ó Too Hot to Handle, ar ais chun grá a aimsiú tar éis dó teideal trom-mheáchain Misfits a bhuachan.
Déanann Dani Imbert, 27 bliain d’aois ó TOWIE, cur síos uirthi féin mar ‘straight-talking ‘girls’ girl’ agus tá sí ag dul isteach sa teach mór le gnóthaí a réiteach lena hiar-leannáin.
Feicfimid Freddie Powell, 32 bliain d’aois, ó Love is Blind UK freisin, atá ag súil le nasc fíor a aimsiú agus caidreamh fadtéarmach a spreagadh.

Le John agus na daoine eile freisin, beidh iar-réalta Corrie, Helen Flanagan, ann. Tá sí cleachta le teilifís réaltachta agus feictear í sa tóir ar fhear atá ard agus aclaí, agus tá súil aici go mbeidh sé ‘aisteach’.
Meastar gur ’10 as 10′ í Izzy Fairthorne ó Too Hot to Handle. Ní raibh buachaill oifigiúil aici riamh ach mothaíonn sí go bhfuil sí réidh le haghaidh nasc fíor anois… fad is atá sé griandaite agus fiacla maithe agus dea-chaint aige.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.