Ceiliúradh le duaiseanna do phríomhréaltaí Ros na Rún

Bhí cruinniú speisialta ag Ros na Rún chun ómós a thabhairt do chuid de na daoine a bhí páirteach ón tús.

Thar an deire seachtaine seo caite, rinne Ros na Rún ceiliúradh ar an 30ú séasúr de thaifeadadh le lón ceiliúrtha in Óstán Chósta Chonamara.

Tar éis críoch a chur le 82 eipeasóid eile bhí cúigear aisteoirí, atá le Ros na Rún ón gcéad chlár a craoladh i mí na Samhna 1996, i láthair agus bronnadh gradam Galway Crystal ar gach duine acu as rath a gcarachtar thar 30 séasúr.

Conan O’Brien ar Ros na Rún
Conan O’Brien ar Ros na Rún

I láthair bhí, Macdara Ó Fátharta, a dhéanann páirt Thaidhg Uí Dhireáin, a bhfuil dúnmharú Risteard curtha ina leith faoi láthair, mar aon lena chomhghleacaithe Máire Éilís Ní Fhlatharta (Caitríona Ní Loideáin) Fionnuala Ní Fhlatharta (Berni Ní Neachtain) Máire Pheter Uí Dhroighneáin (Máire Uí Chonghaile) agus Josie Ó Cualáin (Micheál Seoige).

Bronnadh gradam Galway Crystal as 30 séasúr ar an gCeannasaí Feistis Blánaid Ní Nuanáin chomh maith, atá tar éis éadaí a dhearadh do gach aisteoir agus carachtar ón gcéad chleachtadh in 1996.

Tá muintir na háite tar éis séasúr strusmhar a bheith acu i ndiaidh don Bhleachtaire Cigire nua Ken Glynn Ros na Rún a shroicheadh.

Ní gan fhios a bhí sé ann agus é ag iarraidh an té a mharaigh Risteard a aimsiú.

Is é an t-aisteoir Ciarraíoch Dick Walsh a dhéanann páirt Ken Glynn agus tá sé tar éis an-taitneamh a bhaint as a chéad uair ag aisteoireacht ar an teilifís, mar aon leis an aisteoir nua Danny Gleeson as Tiobraid Árann, atá ag déanamh páirt Dean, mac Risteard, páirt atá dorcha agus fealltach.

I measc na ndaoine nua sa séasúr seo tá Seán Ó Maoilchiaráin a dhéanann páirt Cillian agus Ciara Ní É, a dhéanann páirt an dochtúra áitiúil, Béibhinn.

Cé go bhfuil Ros na Rún gafa ag an bhfiosrúchán tromchúiseach dúnmharaithe, tá an grá, an rómánsaíocht agus an mhacántacht beo go láidir leis an gCiarraíoch David (Seán Mistéal) agus é ag streachailt lena choinsias, agus Laoise (Seosaimhín Uí Shúilleabháin) ag streachailt lena briseadh croí i gcomparáid le holc Réailtín (Hazel Ní Chúláin) dá leasmháthair.

Le breis is 30 séasúr de Ros na Rún curtha i gcrích bhí fáilte curtha roimh go leor daoine mór le rá. Ina measc seo, tá leithéidí Conan O’Brien, Stephen Fry, Francis Brennan, Daniel O’Donnell, Nathan Carter agus na Hot House Flowers, Fiachna Ó Braonáin, Páraic Breathnach agus le déanaí, Denis Conway.

Craoltar Ros na Rún faoi dhó sa tseachtain go dtí Déardaoin an 25ú Meitheamh 2026 ar TG4, Dé Máirt agus Déardaoin ag 8.30i.n , agus ollchlár Dé Domhnaigh ag 8.30i.n. Is féidir é a fháil ar Sheinnteoir TG4 agus ar Sheinnteoir RTÉ chomh maith. Bíonn sé le fáil go digiteach ar sheinnteoir TG4 gach tráthnóna Dé Luain agus Dé Céadaoin.

Chun na scéalta is déanaí maidir leis a fháil, lean na meáin shóisialta, Facebook, Instagram, Twitter agus TikTok nó téigh chuig www.rosnarun.com.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram