Tá ‘Trump Éireannach’ ag teacht, de réir Steve Bannon

Deir Bannon go bhfuil sé ag obair chun ‘MAGA Éireannach’ a bhunú mar is breá Leis an AfD sa Ghearmáin agus Nigel Farage

Dúirt iar-straitéiseoir an Teach Báin, Steve Bannon, go mbeidh ‘Trump Éireannach’ ann agus é ag nochtadh go raibh sé ag obair ar chabhrú le páirtí náisiúnta Éireannach a bhunú.

Bhí an fear atá 72 bliain d’aois ina chomhairleoir dlúth d’Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tráth agus labhair sé roimhe seo faoina mhian ‘cuaille (stake) a bhrú tríd an vaimpír sa Bhruiséil’. Dúirt sé le Politico le déanaí go bhfuil Éire ag cor cinniúnach anois.

Steve Bannon. Pictiúr: Getty Images
Steve Bannon. Pictiúr: Getty Images

Luaitear an t-iar-straitéiseoir, a chuireann an podchraoladh War Room i láthair agus atá fós ina fhigiúr cumhachtach i measc lucht tacaíochta ghluaiseacht MAGA (Make America Great Again), mar dhuine a thacaíonn le straitéis slándála náisiúnta nua na Stát Aontaithe, agus a héilimh go bhfuil an Eoraip ag dul i dtreo ‘scriosadh sibhialtachta’.

Iarrann an cháipéis straitéise oifigiúil ‘friotaíocht a chothú’ i gcoinne ‘treocht reatha’ na hEorpa agus tá cáineadh déanta air ó cheannairí agus institiúidí Eorpacha.

Dúirt an tUasal Bannon gur ‘iontach taitneamhach a bhí an straitéis go raibh sí chomh follasach sin’, go háirithe an tosaíocht a thugtar ar ‘pháirtithe Eorpacha tírghrácha’.

Ag labhairt faoi Éirinn, dúirt an tUasal Bannon le Politico: ‘Táim ag caitheamh a lán ama taobh thiar de na radhairc ar an staid in Éirinn chun cabhrú le páirtí náisiúnta Éireannach a bhunú.’

Steve Bannon. Pictiur Getty Images 1

D’éiligh sé freisin go bhfuil gluaiseacht MAGA á léiriú ag grúpaí in Éirinn, sa Bhreatain, sa Fhrainc agus san Iodáil.

Dúirt an t-iar-straitéisí: ‘Beidh MAGA Éireannach acu, agus beidh Trump Éireannach againn.

‘Tiocfaidh sin ar fad le chéile, gan amhras. Tá an tír sin ar an imeall a bhuíochas leis an imirce ollmhór.

‘Síleann MAGA go bhfuil rialtais na hEorpa, den chuid is mó, neamhchinnte. Is breá leo an AfD. Is breá leo Nigel Farage,’ a chríochnaigh sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram