Cé hé an laoch spóirt a bhfuil Jamie Dornan tógtha leis?

Bíonn níos mó sceitimíní ar Jamie Dornan faoi bualadh le réaltaí spóirt na hÉireann ná mar a bhíonn ar Meryl Streep

Bíonn sé ag bualadh le daoine cáiliúla Hollywood go rialta, ach bíonn níos mó iontais ar Jamie Dornan i leith laochra spóirt na hÉireann agus is amhlaidh atá.

Ag pointe amháin, bhí réalta Bhéal Feirste ag súil le gairm bheatha ar an bpáirc rugbaí sular bhain an víreas aisteoireachta greim as, agus d’fhág imreoir amháin go háirithe é faoi gheasa na réaltaí.

Jamie Dornan.png 1
Jamie Dornan

D’admhaigh sé fiú go raibh níos mó iontais air ná mar a bhí ar dhuine cosúil le Meryl Streep bualadh leis.

Admhaíonn Jamie go raibh sé tógadh le Brian O’Driscoll, iarchaptaen na hÉireann, agus meabhraíonn sé gur bhuail sé leis den chéad uair nuair a tugadh cuireadh dóibh beirt ghalf a imirt ag comórtas Dunhill Links i 2014.

Jamie Dornan agus Brian O'Driscoll
Jamie Dornan agus Brian O’Driscoll. Pictiúr: Getty

‘Bhí sé díreach tar éis dul ar scor, agus bhí an chéad scannán Fifty Shades agus The Fall díreach tar éis teacht amach. Bhíomar ag teacht go han-mhaith le chéile. Is leaid iontach é,’ a dúirt Jamie.

Ó shin i leith, tá an bheirt ina gcairde láidre, ach bhí bualadh le Brian ‘an rud is mó a d’fhéadfadh a bheith ann domsa i dtéarmaí spórt.’ Is lucht leanúna mór é Jamie freisin de Paul O’Connell.

Jamie Dornan agus Brian ODriscoll. Pictiur Getty Images
Jamie Dornan agus Brian O’Driscoll. Pictiúr: Getty Images

Ag míniú cén fáth a bhfuil níos mó suime ag réaltaí spóirt ná buaiteoir Oscar air, dúirt Jamie: ‘Níl mé ag rá nach bhfuil mé faoi dhraíocht ag duine cosúil le Meryl Streep, ach tuigim a bhfuil á dhéanamh acu agus tá tuiscint agam air.

‘Chaith mé laethanta gan teorainn ar an seit le haisteoirí cáiliúla. Mar sin, domsa, ní hé an rud céanna é. Le spórt, tá bac ann.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram