Is í Ríona Hely buaiteoir an chomórtais Bonn Óir Seán Ó Riada 

Éist siar leis an gcomórtas le Ríona agus na ceoltóirí eile; agus Rihanna agus is féidir Peadar Ó Riada a chloisteáil in agallamh le Miriam O’Callaghan freisin.

Tá Bonn Óir Seán Ó Riada buaite ag Ríona Hely as Inis, Contae an Chláir.

Tá Ríona i mbun céime sa Cheol agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá a lán duaiseanna buaite aici, duaiseanna Fleadh Ceoil agus Siansa san áireamh.

Ríona Hely
Ríona Hely

Tá sí tiomáinte do thraidisiún an cheoil a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus múineann sí ranganna ceoil i gCorcaigh agus i gcontae an Chláir.

Tá suim faoi leith ag Ríona i sean-stíl an chonsairtín, agus bhí tionchar mór ag Elizabeth Crotty agus Kitty Hayes ar a cuid ceoil. 

Ba iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Mac Namara as contae an Chláir, a chasann an consairtín, agus na boscadóirí Johnny Óg Connolly agus Danny O’Mahony a bhí i mbun moltóireachta i mbliana.    

Bhí 15 ceoltóir ó gach cearn den tír, beirt as Meiriceá ina measc, san iomaíocht don duais mhór i mbliana. Bronnadh an bonn óir, a dhear Niamh Utsch, agus €2,500 ar Ríona. 

Peadar  Ó Riada le Miriam O'Callaghan
Peadar  Ó Riada le Miriam O’Callaghan

Craoladh craobh an chomórtais beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh, oíche Aoine, 23 Eanáir, ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, curtha i láthair ag Peadar Ó Riada.

Bhí an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil.

  • Is féidir éisteacht siar le Ríona agus na ceoltóirí eile agus Bonn Óir Seán Ó Riada 2026 ar an gclár Cuireadh Chun Ceoi lar shuíomh RTÉ Raidió na Gaeltachta.
  • Rinne an ceoltóir agus craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta Peadar  Ó Riada agallamh le Miriam O’Callaghan ar an gclár Sunday with Miriam ar RTÉ Radio 1. Labhair Peadar le Miriam faoi chomórtas Bonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo, faoi thábhacht ollmhór an cheoil ina shaol ariamh anall, faoi na dúshláin atá á sárú aige mar gheall ar ailse agus faoi céard atá i ndán dúinn nuair a thaistealann muid ón saol seo go dtí an saol eile. CLICEÁIL ANSEO

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram