Kate Winslet: Dúirt múinteoir scoile liom, ‘Beidh ortsa páirt cailín ramhar a ghlacadh’

Labhraíonn réalta Hollywood agus buaiteoir Oscar Kate Winslet go hoscailte faoin gcaoi ar rinneadh bulaíocht chomh dona sin di gur stop sí ag ithe.

Tá cáineadh déanta ag Kate Winslet ar mhúinteoir drámaíochta a náirigh í mar pháiste. Labhair réalta an Titanic, atá 50 bliain d’aois, faoin múinteoir a dúirt léi nach bhfaigheadh ​​sí aon pháirteanna i scannáin ná i ndráma, seachas mar ‘na cailíní ramhar’.

Kate Winslet
Kate Winslet. Pictiúr: Ian West/PA Wire

Nocht Kate cé chomh dian is a bhí an bhulaíocht ar scoil, agus comhscoláirí éadmhara ag díriú uirthi mar gheall ar a meáchan.

Ach mhol sí gur chuir a ndiúltachas níos mó brú uirthi rath a bhaint amach mar aisteoir.

Dúirt Kate, buaiteoir Oscar, leis an láithreoir Lauren Laverne ar Desert Island Disks: ‘Ós rud é go raibh mé beagáinín téagartha nuair a thosaigh mé ag glacadh níos dáiríre leis, agus go bhfuair mé gníomhaire páiste (child agent), is cuimhin liom múinteoir drámaíochta (a cheapadh go mícheart gur fear a bhi i gceist – ach is bean a bhí ann i ndáiríre) , agus dúirt sí liom, “Bhuel, beidh gairm bheatha agat má tá tú sásta socrú le páirteanna na cailíní ramhar.”’

Anois ar cheann de na réaltaí scannán is mó i Hollywood, dúirt máthair triúr páiste leis an múinteoir: ‘Féach orm anois!’

Dúirt sí: ‘Ní raibh sin an-deas, an raibh?’ ‘Is uafásach na rudaí a deir daoine le páistí.’

Kate Winslet 1

Cháin Kate Winslet, a bhuaigh Gradam an Acadaimh as The Reader agus a fuair sé ainmniúchán Oscar eile, a comhscoláirí a chuir isteach uirthi freisin.

Chuimhnigh sí ar an gcaoi ar beagnach gur stop sí ag ithe mar gheall ar an mbulaíocht gan staonadh ar scoil.

Dúirt Kate, a bhuaigh cúig Ghradam Bafta freisin, go raibh sí ag dul ar aistí bia agus ag éirí as ó aois 15 go 19 agus ‘sa deireadh ní raibh mé ag ithe ach beagáinín’. Ní raibh sé sláintiúil in aon chor.

‘Is é an t-aon rud i mo shaol a bhfuil aiféala orm faoi… gan a bheith ag ithe i gceart, nó ag ithe agus scaoll a bheith ort faoi na rudaí a d’ith tú, nó ag dúiseacht ar maidin agus an chéad rud a smaoiním air ná, “A Dhia, an bhfuilim níos raimhre, an bhfuilim níos raimhre?” – lean sé sin ar aghaidh ar feadh i bhfad.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram