

Chuir sí iontas ar lucht féachana ar an Late Late Toy Show dhá bhliain ó shin agus anois tá deis ag Lottie O’Driscoll Murray bród a chur ar mhuintir na hÉireann Dé Sathairn.
Bhí sí ag súil le hionadaíocht a dhéanamh dá tír ag Junior Eurovision le cúpla bliain anuas; rinne sí iarracht trí huaire, agus tá sí tar éis é a bhaint amach faoi dheireadh.

Agus is féidir linn go léir tacú léi trí dhul ar JESC.TV (CLICÁIL ANSEO) agus vótáil ar a son.
Beagnach gur éirigh léi anuraidh nuair a shroich sí na babhtaí ceannais, agus i mbliana chan sí leaganacha Gaeilge de Hold Me While You Wait le Lewis Capaldi, I Will Always Love You le Dolly Parton, chomh maith le Hold Me Now le Johnny Logan.
Ba mhór an ‘hit’ é I will always Love You do Whitney Houston, amhránaí is fearr le Lottie. Déanann sí cur síos ar Whitney mar amhreánaí cumhachtach, agus ba mhaith le Lottie a bheith díreach cosúil léi.
Is breá léi cé chomh dúshlánach is atá amhráin Whitney ó thaobh gutha de.
Lena máthair Celine agus a seanmháthair Charlotte ag tabhairt tacaíochta di chun buachan, nocht a máthair gur inis bean feasa di, agus í ag iompar clainne, go mbeadh a hiníon ina ceóltoir.
Anois, tá sí ag dul chuig an gComórtas i Tbilisi lena hamhrán, Rúin.
Tar éis cuardaigh ar fud na tíre inar thriail na céadta iarrthóirí óga do na moltóirí sa tsraith chúig chuid, roghnaíodh deichniúr iomaitheoir deiridh agus as sin tháinig Lottie chun cinn mar bhuaiteoir.
Beidh sí ag dul san iomaíocht i gcoinne seacht dtír déag eile, lena n-áirítear an Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil agus buaiteoirí na bliana seo caite, an tSeoirsia.
Scríobh an beirt chumadóir amhrán Ian James White agus Nicky Brennan Rúin, mar aon leis an amhránaí-scríbhneoir amhrán agus Gaeilgeoir Jenny Ní Ruiséil.
Chomh maith leis sin, tá Éire ag ceiliúradh a deichiú bliain i Junior Eurovision, tar éis di dul isteach sa chomórtas den chéad uair le hAimee Banks in 2015.

Níl aon amhras ar Lottie ná ar a lucht tacaíochta go n-éireoidh léi go maith agus go mbogfaidh sí ar aghaidh chuig rudaí iontacha.
Idir an dá linn, is féidir linn go léir cabhrú léi ar a bealach trí vótáil di, agus canadh in éineacht lena hamhrán buacach Dé Sathairn.
Liricí Rúin:
Inseoidh mé rúin duit
Chun mo chroí a roinnt leat
‘S go dtuigfidh tú cad ‘tá ar
Siúl liom
Tabharfaidh mé seans duit
Fiú nuair a bhíonn drochlá ‘at
Is beirfidh mé greim ar do
Lámh
Nuair a thagann (na) deora
Dá mbeinn in ann labhairt
Leat
Mar a theastaíonn uaim
Gan rud ar bith rúnda, rud ar
Bith rúnda eadrainn
Dá dtuigfeá mo scéal a stór
D’Osclódh doirse dúinn
Gan rud ar bith rúnda, rud ar
Bith rúnda eadrainn
Glacann gach aon chuid
Díom
Smacht orm is ní fheicim
Ach an dath dearg
Ag tochas, ag troid
Ruaile buaile, mo chuid smaointe
Measctha i mo cheann
Dá mbeinn in ann labhairt
Leat
Mar a theastaíonn uaim
Gan rud ar bith rúnda, rud ar
Bith rúnda eadrainn
Dá dtuigfeá mo scéal a stór
D’Osclódh doirse dúinn
Gan rud ar bith rúnda, rud ar
Bith rúnda eadrainn
Gan trácht ar an dóchas,
Níl aon áit don sólás,
Tabhair seans amháin eile dúinne
Níl dabht ann nach rún é
Más ard nó go ciúin é
Go hard nó go ciúin, go deo…
Dá dtuigfeá mo scéal a stór
D’Osclódh doirse dúinn
Gan rud ar bith rúnda, rud ar
Bith rúnda eadrainn
Dá mbeinn in ann labhairt
Leat
Mar a theastaíonn uaim
Gan rud ar bith rúnda, rud ar
Bith rúnda eadrainn

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.