An foclóir nua! Anois tá TRÍ fhoclóir ar fáil ar an suíomh céanna. Seo an bealach is fearr chun an suíomh a úsáid

10/12/2025

Ciallaíonn seoladh an fhoclóra Gaeilge-Gaeilge go bhfuil an suíomh focloir.ie athraithe. Ach nuair a théann tú i dtaithí air, tá sé níos fearr. Tá Gaeilge-Gaeilge, Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge againn le chéile anois ar focloir.ie

Tá an chéad fhoclóir lán-Ghaeilge ar fáil ar líne anois. Ciallaíonn sé go mbeidh aon duine atá ag lorg sainmhíniú focal Gaeilge in ann é sin a dhéanamh anois gan brath ar fhoclóir Béarla ar dtús.

Ag an am céanna is féidir linn an míniú i mBéarla a fháil san áit chéanna.

Ciallaíonn sé go bhfuil an suíomh Gréasáin focloir.ie athraithe. Ach ciallaíonn sé go bhfuil trí fhoclóir againn ar shuíomh amháin:

Gaeilge-Gaeilge

Gaeilge-Béarla

Béarla-Gaeilge

Agus seo an bealach simplí chun é a úsáid:

Clic isteach go dtí focloir.ie

Screenshot 2025 12 10 071102



Cuir isteach focal agus déan cuardach

Screenshot 2025 12 10 071223

Má tá Gaeilge uait, clic ar Gaeilge

Screenshot 2025 12 10 071251

Má tá Béarla uait, clic ar Béarla-Gaeilge

Screenshot 2025 12 10 071339

Má tá Béarla go Gaeilge uait, cuir focal Béarla isteach

Screenshot 2025 12 10 071416

Seo a deir siad:

Is ea Foclóirí ár linne, áit a dtiocfaidh tú ar an bhFoclóir Nua Gaeilge (2025) agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (2013-2025) atá foilsithe ag Foras na Gaeilge.

Tá an dá fhoclóir ar fáil saor in aisce agus tá siad in oiriúint do ríomhairí agus d’fhóin phóca. Is féidir cuardach sa dá fhoclóir ag an am céanna trí úsáid a bhaint as an gcuardach uilíoch.

Tá eolas gramadaí, comhaid fuaime agus comhaid úsáide a bhaineann le focail Ghaeilge le fáil sna foclóirí. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na gnéithe sin agus chun físeáin treorach a fheiceáil, téigh go dtí rannóg na gCeisteanna Coitianta agus féach ar ár gcainéal YouTube.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram