

Tá leibhéil ceimiceán ailse i mbalúin atá á ndíol ar líne in Éirinn, deir réir tuairisc.
Fuair imscrúdú ó ‘Which?’, an eagraíocht mhaoirseachta ar son na dtomhaltóirí sa Bhreatain, amach, go raibh táirgí ina raibh tiúchana (concentration) arda ‘nitrosamines’ tocsaineacha – comhdhúile carcanaigineacha a fhaightear i dtobac a tháirgtear le linn déantúsaíochta tionsclaíche.

Margaíodh go leor de na balúin do leanaí, ina raibh sárlaochra (superheroes), mar shampla, agus bhí imní ar thaighdeoirí go bhféadfadh siad a bheith nochtaithe do na ceimiceáin trína gcur ina mbéal – bíodh sé á séideadh nó le linn súgartha.
Cheannaigh Which? 21 pacáiste le balúin laitéis (latex) ó sheacht margadh ar líne – eBay, Amazon, AliExpress, Debenhams, Temu, Shein agus The Range, agus úsáideann muintir na hÉireann go leor acu.
Léirigh na torthaí go raibh tiúchana ‘nitrosamines’ os cionn na teorann ceadaithe sa Bhreatain in ocht gcinn.
Bhí os cionn sé huaire an leibhéil cheadaithe i mbalún amháin ó AliExpress, agus dhíol eBay agus The Range balúin a chláraigh os cionn ceithre huaire níos airde.
Dúirt Sue Davies, an bhean atá i gceannas ar chearta tomhaltóirí ag Which?, go bhfuil sé ‘scannalach’ páistí gan chosaint do thiúchana arda carcanaiginí, ag cur leis: ‘Is féidir le hiarmhairtí tromchúiseacha sláinte a bheith ag míreanna neamhurchóideacha cosúil le balúin chóisire.’
Dúirt AliExpress, The Range, Debenhams, Wilko, Shein, eBay agus Amazon gur bhain siad na balúin a bhí Which? ag caint faoi den díol.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.