

Tá Boirinn (Burren) ar cheann de na seoda nádúrtha is tábhachtaí in Éirinn agus is áit chónaithe í a fásach cloiche liatha do chuid den fhiadhúlra is draíochtúla sa tír.

Is áit é Boirinn freisin nár chuir daoine isteach uirthi le na céadta bliain, agus d’fhéadfadh fionnachtana seandálaíochta (archaeological discoveries) le déanaí a chruthú go bhfuil go leor rúnda inti faoi Éirinn sna sean-amanna.
Thángadar ar chnámh cait fhiáin, a théann siar breis agus 5,500 bliain ó shin – 3600 RC – tar éis tochailte ag uaimh ann.
Tagann tuairiscí sna meáin faoin bhfionnachtain ag am áisiúil mar go bhfuil sraith nua ar Bhoirinn tosaithe ar TG4 agus léiríonn sé áilleacht neamhchoitianta na háite.
Cuirfidh sé go mór leis an spéis atá sa tsraith dhá pháirt, Oileán Glas, Fásach Bán, a thosaigh ar TG4 Dé Céadaoin seo caite agus a leanann ar aghaidh Dé Céadaoin seo chugainn, 10 Nollaig.

Is áit chónaithe é Boirinn ag roinnt de na hainmhithe is spéisiúla in Éirinn, agus sa tsraith téann Eoin Warner ar thuras trí na réimsí is fiáine agus is iargúlta atá ann.
Is fear dúlra é Eoin a chaitheann tréimhse bhliana ag siúl na gcnoc is na leac go léiríonn sé saol ceilte an réigiúin.
Sa tsraith déanann sé a mhachnamh ar stair na dúiche agus tagann sé ar áit adhlactha na ndaoine is túisce a rinne cónaí ann, a ghlan na foraoisí agus a chruthaigh ceantar Bhoirne mar is eol dúinne inniu é.
Chomh maith leis sin siúlann sé bóithre gan ceann scríbe a rinneadh aimsir an drochshaoil, ré ghruama de stair atá ag Boirinn.

Tá ainmhithe, éin, gnéithe de stair an dúlra agus stair mhuintir an réigiúin féin príomhthéamaí na sraithe seo faoi cheantar Bhoirne.
Feictear Eoin i mbun coisíochta ar fud na réimsí is iargúlta den réigiún ag faire ainmhithe agus éin fhiáine agus na háiteanna ina maireann siad.
Gné shuntasach atá le Boirinn ná gur chruthaigh na daoine a mhair san am atá thart í, agus ní toradh an nádúir amháin í.
Ghearr na chéad lonnaitheoirí in Éirinn na crainn síos, ag fágáil na leaca aolchloiche lom.
Agus cleachtann feirmeoirí na ceantair an seanbhealach chun eallach a threabhadh fós, ag bogadh suas an sliabh iad, cleachtas a choinníonn smacht ar an choillte agus a fhreastalaíonn ar na féarthailte ar fud cheantar Bhoirne inniu.
Is áit é atá ceann de na séadchomharthaí seandálaíochta is iomráití sa tír seo, dolmain Pholl na Brón.
Síneann réimse geolaíochta é Boirinn go hOileáin Árann agus in Inis Mór atá Dún Aonghasa, ceann de na dúnta ceann tíre is cáiliúla in iarthar na hEorpa.
Deir an láithreoir Eoin Warner: ‘Tá ceantar Bhoirne ar cheann de na háiteanna is áille ar domhan agus b’iontach an rud domsa oiread ama a chaitheamh ann i mbun scannánaíochta.

Sa tsraith seo, téimid ag faire ar roinnt de na hainmhithe fiáine is seachantaí i gcuid de na háiteanna is iargúlta agus ba mhór an spóirt tréimhsí a chaitheamh ag siúl na réimsí sin.’
Deir an Stiúrthóir/Ceamaradóir John Murray: Is é is tábhachtaí maidir le tréithe agus gnéithe iontacha Bhoirne a chur i láthair mar is ceart, am a chaitheamh leis agus b’aoibhinn an rud, nuair atá fuadar agus fústráil ag baint le saol na linne seo, suí go socair sna coirnéil is fiáine sa cheantar ag faire go dtagann ainmhí i láthair nó go mbíonn na dathanna breátha ar an aer agus ar an talamh.
‘Is áit faoi leith ceantar Bhoirne an lá atá fliuch garbh, ach le moch maidine nó le deireadh an lae, nuair atá an ghrian íseal agus an solas ag teacht ar na réimsí cloiche ó bhun na spéire, níl áit ar bith eile ar domhan a roghnóinn chun tosaigh air.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.