

Tá Kneecap ag ullmhú dá gceolchoirm is mó go dtí seo – le go leor grúpaí eile – in imeacht a shásóidh lucht leanúna ceoil nach mbeidh in ann dul go Glastonbury an bhliain seo chugainn.
Agus beidh na ticéid ar díol Dé hAoine seo chugainn.
I bpost ar Instagram, dúradar go mbeidh an cheolchoirm ar siúl i bPáirc Crystal Palace ar 27 Meitheamh 2026.
Tá The Mary Wallopers, Biig Piig, Gurriers, Madra Salach agus Fat Dog luaite mar thacaíocht, le tuilleadh le fógairt níos déanaí.

‘Ós rud é nach mbeidh Glastenbury ar siúl i 2026, tá cinneadh déanta againn ár gig is mó go dtí seo a phleanáil don deireadh seachtaine céanna,’ a dúirt Kneecap.
Ní bheidh Féile Glastonbury ar siúl i mí an Mheithimh seo chugainn mar tá ‘bliain fhómhair’ i gceist, chun go mbeidh athghiniúint ar an fheirm ar a reáchtáiltear an ócáid, a deir na heagraithe.
Chomh maith leis an seó i Londain, tá Kneecap le seinm ag Primavera Sound Barcelona agus Primavera Sound Porto i mí an Mheithimh.
Beidh ticéid don cheolchoirm Kneecap i bPáirc Crystal Palace ar dhíol ag 9:00 ar maidin Dé hAoine seo chugainn ar Ticketmaster.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.