Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Ag obair ar son todhchaí thar cionn agus faoi threoir na heolaíochta

Bhí Seachtain na hEolaíochta ag ceiliúradh 30 bliain de mheascadh eolais agus oideachais i mbliana agus le sin labhair Aoife Ní Bhraoin le hAoibhinn Ní Shuilleabháin, Ollamh DCU agus Cathaoirleach ar an Nature Restoration Plan faoina gcuid oibre

D’fhás Aoibhinn aníos i dteach gafa le heolaíocht agus matamaitic faoin tuath i gContae Mhaigh Eo. Bhí sí faoi dhraíocht faoin saol mórthimpeall orainn.

‘Bhí mo sheanathair ina siúinéir. Bhíomar ag labhairt faoi uimhreacha, ag tomhas rudaí. Bhíomar ag ceistiú rudaí. Agus bhí mo sheanathair in ann córas teileachumarsáide a chur ar siúl.

‘Bhí an tseid síos an bóthar, agus nuair a bhí mo sheanmháthair ag iarraidh teacht ar mo sheanathair, bhí sí in ann cnaipe a bhrú agus tiocfaidh sé ar ais (chun dinnéar a fháil)’.

Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin
Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin

Dúirt Aoibhinn go raibh a chlann i gcónaí an-fhiosrach chun eolas nua a fháil amach.

‘Rinneamar (Aoibhinn agus a deartháireacha) teach crainn sa ghairdín. Nuair atá tú ag déanamh rudaí mar sin, caithfidh tú smaoineamh ar mhatamaitic an t-am ar fad,’ a dúirt sí.

Ach an rud ba mhó a thaitin léi faoi fhás aníos sa tuath ná féachaint ar na spéartha dorcha.

Dúirt sí: ‘Nuair a chuaigh muid amach i rith na hoíche bhí na réaltaí go léir amach. Agus sin an rud a spreag mé chun fisic a dhéanamh, mar bhí mé ag féachaint ar an spéir, ag féachaint ar na réaltaí seo, agus ag smaoineamh faoin méid ama a chaith an solas sin ag taisteal ón réalta go hÉirinn.

‘Mar sin, nuair atá tú ag féachaint ar an spéir, tá tú ag féachaint ar stair.

‘Bhí go leor spéis agam i spéir na hoíche agus sa spás, an grianchóras, dúpholla.’

Rinne Aoibhinn an cinneadh fisic a chur ar a CAO.

‘Tá spéartha dorcha i Maigh Eo agus Ciarraí. Tá siad liosta sa Nature Restoration Law, mar ba chóir dúinn iad a chosaint anois,’ a dúirt sí.

‘Tá níos mó teicneolaíochta agus daoine ar fud an domhain. Úsáidimid solas i ngach áit anois. Caithfidh muid.

Manchán Magan
Manchán Magan

‘Ach ba chóir dúinn na háiteanna atá dorcha a chosaint ar son an nádúr agus na hainmhithe. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh muidne mar dhaoine in ann an taithí sin a bheith againn.

‘Tá muidne mar chuairteoirí ar an phláinéad. An bhfuil sé de cheart againn gach rud a chur trína chéile? Níl.’

‘Ceapann muid, mar thír, go bhfuil muid go hiontach ag an litríocht, an ceol, an teanga, agus an “chat”. Ach, tá stair iontach againn in eolaíocht chomh maith. Ba chóir go mbeadh muid in ann é a cheiliúradh. Thaifead ár manaigh na spéartha seo na céadta bliain ó shin.’

Tá a chuid oibre an-tábhachtach d’Aoibhinn. Bhí sceitimíní uirthi an Nature Restoration Plan a phlé.

‘Táimse mar chathaoirleachar an Independent Advisory Committee for Nature Restoration,’ a dúirt sí.

‘Tá dlí nua ann go bhfuil ar gach tír san Aontas Eorpach plean a chur le chéile a mbeidh muid in ann an nádúr a chosaint amach anseo.

‘Tá orainne rudaí a dhéanamh le haghaidh 2030, 2040, agus 2050 chun an talamh agus an fharraige a chosaint.

‘Tá nádúr mar an bhunghné de gach rud. Braitheann muid ar nádúr an t-am ar fad le haghaidh uisce agus bia. Má tá cré iontach againn, bíonn tionchar aici ar gach rud a thagann ina dhiaidh.

‘Tá trian den bhia a itheann muid ag brath ar phailneoirí.’

D’iarr mé ar Aoibhinn míniú a thabhairt ar an bpointe sin.

‘Úlla, sú talún sú craobh, trátaí, sméara dubha, piobair, cúirséid, puimcíní’, a fhreagair sí.

‘Tá na pailneoirí ag fáil bás chuile bliain. Ba chóir go mbeadh níos mó bláthanna fiáin i ngach áit. Ba chóir go mbeadh muid ag cosaint na crainn, go háirithe sna bailte móra agus sna cathracha,’ a dúirt sí.

‘Tá an nádúr go maith dár meabhairshláinte agus sláinte choirp.

‘Nuair a tháinig an Nature Restoration Law isteach an bhliain seo caite, thuig go leor ceannairí gnó go raibh sé iontach tábhachtach. Dúirt siad: “Ní féidir gnó rathúil a bheith agat i mbithsféar atá ag dul i léig.’’ Ba chóir go mbeidh na ranna rialtais ag obair lena chéile ionas go mbeidh an obair sin déanta i gceart.’

Dúirt sí: ‘Tá mé ag obair le feirmeoirí agus eolaithe chun an plean a chur le chéile. Beimid ag seoladh ár moltaí chuig an Aire. Tá mé ag baint an taitneamh as, agus tá mé ag súil go mór le comhráite a bheith againn.’

Chuir Aoibhinn béim ar cé chomh tábhachtach is atá feirmeoirí. Tá spás tábhachtach acu sa Nature Restoration Plan. Tá siad ‘ag déanamh sárobair dúinne le haghaidh bia agus an nádúr chomh maith’, a dúirt sí.

‘Ba cheart go mbeadh na ranna go léir ag obair lena chéile. Sin an rud is tábhachtaí anois – go mbeadh na ranna ag labhairt lena chéile agus an t-eolas a bhfuil acu a roghnú lena chéile chun an obair seo go léir a dhéanamh.’

Luaigh sí na ranna is tábhachtaí – an Roinn Oideachais, an Roinn Talmhaíochta, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil; agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

‘Tá go leor obair le déanamh trasna na tíre go léir,’ a dúirt sí.

Bhíos ag iarraidh fáil amach an mbíonn sé deacair cumarsáid a dhéanamh leis an Rialtas.

‘Tá sé deacair rudaí a dhéanamh nuair atá siad difriúil. Leis an Nature Restoration Regulation, agus an dlí nua, tá sé ag iarraidh orainn rudaí móra a dhéanamh nach bhfuil déanta ceana.

‘Níl muid go hiontach ag tabhairt aire don dúlra in Éirinn. Sin é an fáth a bhfuilimid i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa an t-am ar fad.’

Dúirt Aoibhinn go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil ár bpolaiteoirí in ann labhairt faoin nádúr agus an aeráid, agus gur féidir leo a thuiscint cé chomh tábhachtach is atá an obair seo.

‘Ní bheidh ár ngeilleagar in ann brath ar rud ar bith má imíonn an dúlra,’ a dúirt sí.

Conas a fheabhsóimid ár litearthacht éiceolaíoch féin inár saol laethúil?

‘Is féidir linn na plandaí a chur amach atá go maith do na pailneoirí. Nuair a dhéanann muid é sin, is féidir linn na hainmneacha de na bláthanna sin a fhoghlaim.

‘Nuair a théann tú amach ar shiúlóid, an féidir leat na hainmneacha a chur ar na crainn? Sin rud a dhéanaimse le mo pháistí féin.

‘An bhfuilimid ag smaoineamh ar an nádúr amach anseo mar rud éigin atá “néata”? Nó ag smaoineamh ceard iad na hainmhithe atá amuigh anois?’

Is aoibhinn le hAoibhinn ár bpláinéad. Dá mbeadh duine amháin ann a raibh an oiread meas aici air, ba é Manchán Magan é.

Nuair a bhíomar ag críochnú suas, thaispeáin Aoibhinn leabhar Manchán Magan dom. Roinn sí beagáinín liom faoin chairdeas a bhí acu.

‘Rinne mé spás ar Raidió na Life, agus bhí Manchán ag obair ann. Tá grianghraf álainn agam le Manchán áit éigin,’ a dúirt sí.

Aoibhinn 4

‘Nuair a rinneamar an Tionól Saoránach i gcaillteanas bithéagsúlachta, tháinig Manchán. Agus bhí sé sin chomh tábhachtach dúinn go léir toisc go raibh Manchán in ann an nasc sin – nádúr, ár dteanga, ár stair, ár dtír – a cheangail le chéile, ar bhealach a bhí difriúil leis an méid a dúirt na heolaithe linn.

‘Bhí sé sin go hálainn ar fad.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram