

Tá Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste tar éis céim stairiúil eile a ghlacadh chun comhoibriú a chothú ar fud oileán na hÉireann.
Tá aitheantas faighte ag ‘Queens’ le déanaí as a tiomantas don teanga agus don oidhreacht chultúrtha Gaeilge a fheabhsú.

Agus an tseachtain seo d’fhógair an ollscoil comhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan (DkIT), rud a réitíonn an bealach do DkIT a bheith ina Choláiste Ollscoile faoi choimirce Ollscoil na Banríona.
Ní hamháin gur céim acadúil í seo – is siombail chumhachtach í de chomhoibriú idir tuaisceart agus deisceart.
Mar sin féin, dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, James Lawless, nár cinneadh siombalach amháin é.
Is í an chéad ollscoil uile-Éireann í ó roinneadh an tír agus dúirt an tAire go mbeidh an cinneadh chun leasa an dá institiúid go huile is go hiomlán.
‘Tá roinnt tionscadal taighde ar siúl i nDún Dealgan faoi láthair. Tá cumais déantúsaíochta ardleibhéil ann. Mar sin, beidh rochtain ag Ollscoil na Banríona orthu sin anois freisin, na speisialtachtaí agus na teicniúlachtaí ar leith atá ag Dún Dealgan,’ a dúirt sé.
‘Is comhpháirtíocht chomhionann í. Ní caidreamh tuismitheora linbh atá ann.’
Trí naisc oideachais a neartú, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh tuiscint chultúrtha a dhoimhniú, deiseanna taighde a fheabhsú, agus spás comhroinnte d’fheabhsú agus d’nuálaíocht a chruthú.

Leis an chomhaontú, a cheadaigh an dá institiúid agus a d’fhaomh an Chomh-aireacht an tseachtain seo, beidh DkIT ag aistriú ó Institiúid Teicneolaíochta go Coláiste Ollscoile de chuid Ollscoil na Banríona.
Tá síniú foirmiúil le bheith ann an mhí seo chugainn, agus beidh an coláiste nua ag feidhmiú go hiomlán ag tús bliana acadúla 2026.
Beidh mic léinn ag clárú ón Mheán Fómhair seo chugainn ag fáil céim nó cáilíocht iarchéime ó Ollscoil na Banríona, agus coinneoidh DkIT a neamhspleáchas airgeadais agus rialachais.
Tá dul chun cinn déanta cheana féin ag Ollscoil na Banríona a thacaigh leis an nGaeilge, fad is a bhí roinnt codanna den tsochaí ó thuaidh den teorainn ag agóid i gcoinne focail i nGaeilge a fheiceáil go poiblí fiú.
Mar shampla i mí Eanáir bhí fáilte curtha roimh an scéala go raibh an Ollscoil le céim sa dlí agus sa nGaeilge a chur ar fail.
Tharla sé sin nuair a churadh deireadh leis an gcosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.
Creid nó ná creid é ach bhí dlí i bhfeidhm ann – An tAcht um Riar an Cheartais (Éire) 1737 – a d’fhág nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann le breis is 300 bliain.
Rinneadh an dlí a aisghairm mar chuid den acht féiniúlachta agus teanga a tháinig isteach i mí na Nollag 2022.
Mhol ceannairí rialtais ar an dá thaobh den teorainn an chomhpháirtíocht idir Ollscoil na Banríona agus DkIT mar ‘chloch mhíle’ i gcomhoibriú uile-oileáin.

Dúirt an tAire Lawless gur ‘an chéad tionscnamh dá leithéid’ é, le cumas oideachas tríú leibhéal a neartú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann.
D’aontaigh an tAire Geilleagair ó Thuaisceart Éireann, an Dr Caoimhe Archibald, ag rá gur ‘céim mhór i gcomhoibriú thuaidh-theas’ í a leathnóidh deiseanna do ghluaiseacht mac léinn, agus a chothóidh nuálaíocht’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.